Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:21 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus do ċrom na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ar ṁaċtnaṁ, agus ar a ráḋ: Cad é mar ḋuine é seo a laḃrann diaṁasla? Cé ḟéadann peacaí do ṁaiṫeaṁ aċ Dia aṁáin?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus ṫoisiġ na Scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ a smaoineaḋ, agus a ráḋ: Cé h-é seo a laḃras diaṁaslaċa? Cé aċt Dia aṁáin a dtig leis peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus do ṫosnuiġ na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ar ċeasnú, agus iad g‐á ráḋ, Cia h‐é seo atá ag laḃairt dia‐ṁasla? Cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ, aċt Dia aṁáin?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ṫionnsgnadar na sgríobuiḋe agus na Ṗairisiniġ diosbóireaċd do ḋéanaṁ, ag ráḋ, Créd é an fearsa laḃras blaisṗéimiġe? Cía ḟeúdus peacuiġ do ṁaiṫeaṁ, aċd Día ná áonar?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:21
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan do strac an t-árdṡagart a cuid éadaiġ, agus duḃairt: Tá diaṁasla déanta aige; cad is gáḋ ḋúinn a ṫuille fínniṫe? Féaċ, anois do ċloiseaḃair an diaṁasla:


Agus féaċ, duḃairt cuid des na sgríḃneóiríḃ, ’n-a n-aigne féin: Tá diaṁaslaḋ ag an ḃfear so d’á ḋéanaṁ.


Tugaiḋ uaiḃ, d’á ḃríġ sin, toraḋ a ḃeiḋ ċóṁ maiṫ leis an aiṫriġe, agus ná cromaiḋ ar a ráḋ: Tá Ábraham i n’aṫair againn. Deirim liḃ go ḃféadfaḋ Dia slioċt do ṫógaint ċun Ábrahaim ó-s na cloċaiḃ sin.


Agus do ṫárla, lá, go raiḃ sé ’n-a ṡuiḋe ag teagasg. Agus ḃí na Fairisíniġ ’n-a suiḋe ann, agus doċtúirí na dliġe, a ḃí tagaiṫe ó gaċ baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus ḃí cóṁaċt ó’n dTiġearna ag dul ċun a slánuiġṫe.


Aċ ó ḃí fios a smuínte ag Íosa d’ḟreagair sé iad agus duḃairt: Cad ċuige an maċtnaṁ so i nḃúr gcroiḋe agaiḃ?


Agus do ċrom an ṁuintir a ḃí ag an mbórd ar a ráḋ ’n-a n-aigne féin: Cé h-é seo, a ṫéiġeann ċóṁ fada le peacaí ṁaiṫeaṁ?


D’ḟreagair na Iúdaiġ é: Ní mar ġeall ar obair ḟóġanta atáimíd ag gaḃáil do ċloċaiḃ ionat, aċ mar ġeall ar ḋiaṁaslad, agus go ndeineann tú Dia ḋíot féin, bíoḋ gur duine ṫu.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ