Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus nuair a ċonaic sé an creideaṁ a ḃí acu, duḃairt sé: A ḋuine, maiṫtear do ṗeacaí ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus nuair a ċonnaic seisean a gcreideaṁ, duḃairt sé: A ḋuine, tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus nuair do ċonnaic sé a gcreideaṁ, aduḃairt sé. A ḋuine, aṫá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus ar ḃfaicsin a gcreidiṁ ḋósan, a duḃairt sé ris, A ḋuine, a táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫleaṁ ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:20
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus féaċ, do ṫugadar ag triall air, sínte ar ṫoċt, fear a ḃí gan lúṫ. Agus nuair a ċonaic Íosa an creideaṁ a ḃí acu duḃairt sé leis an ḃfear gan lúṫ: Glac misneaċ, a ṁic, táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit.


Cé ’cu is usa a ráḋ, Tá do ṗeacaí maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Eiriġ agus siúḃluiġ?


Agus nuair a ċonaic Íosa an creideaṁ a ḃí acu, duḃairt sé leis an nduine: A ṁic, táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit.


Agus duḃairt sé léi-se: Táid na peacaí maiṫte ḋuit.


Agus toisg gan aon ġáḋ ḃeiṫ aige le teistiméireaċt ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a ḃí sa duine.


Do fuair Íosa ’n-a ḋiaiḋ san é sa teampul agus duḃairt sé leis: Féaċ, táir leiġiste; ná dein peacaḋ feasda sar a mbain-feaḋ rud éigin níosa ṁeasa ḋuit.


Ṫainig sé agus ċonnaic sé an grásta ó Ḋia agus ḃí áṫas mór air agus ṫug sé cóṁairle do sna daoine go léir ḃeiṫ seasaṁaċ ’n-a gcroiḋe agus leanṁaint do’n Tiġearna.


Agus duḃairt sé do ġuṫ árd: Eiriġ ad ṡeasaṁ ar do ċosaiḃ! Agus do léim sé ’n-a ṡeasaṁ agus ṡiúḃluiġ sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ