Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:2 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do ċonaic sé ḋá luing ’n-a stad ag imeall an loċa; mar ḃí na h-iasgairí tagaiṫe i dtír agus iad ag niġe a líonta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ċonnaic sé ḋá luing ina seasaṁ le taoiḃ an loċa: aċt ḃí na h-iascairí imṫiġṫe astú, agus ḃí siad ag niġe a gcuid eangaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċonnaic sé ḋá ḃád ar imeall an loċa: aċt do ḃí na h‐iascairí imṫiġṫe asta, agus do ḃíodar ag niġe a líonta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċonnairc sé ḋá luing do ḃí ar an loċ aċd do imṫiġeadar na híasgaireaḋa asda, agus do ḃíadar ag niġe a líontaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:2
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ḃí Íosa ag siuḃal i n-aice mara Ġaililí, agus ċonaic sé beirt driṫár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋriṫáir, agus iad ag cur lín amaċ sa ḃfaraige (mar iasgairí ab eaḋ iad),


Agus ag imṫeaċt ó’n áit sin dó, do ċonaic sé beirt eile driṫár, Séamus mac Sebedé agus a ḋriṫáir Eóin, agus iad sa ḃád i dteannta a n-aṫar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ġlaoiḋ sé ċuige iad.


Agus ḃí sé ag siuḃal ar bruaċ mara Ġaililí agus ċonaic sé Símón agus Aindrias a ḋriṫáir ag cur líonta sa ḃfaraige (mar iasgairí ab eaḋ iad).


Agus nuair a ḃí sé imṫiġṫe tamall beag ó’n áit sin ċonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a ḋriṫáir agus iad ag socarú a líonta sa luing;


Agus do ṫárla, nuair a ḃí sluaġ ṁór ag brúṫ air go n-aireóċaidís briaṫar Dé, go raiḃ sé féin ’n-a ṡeasaṁ ar bruaċ loċa Genésareit.


Agus ċuaiḋ sé ar bórd luinge acu, long Ṡímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amaċ ó’n dtír. Agus do ṡuiḋ sé agus ṫeagaisg sé na daoine ó ’n luing.


Agus duine de’n ḃeirt a ḃí ag éisteaċt le h-Eóin agus do lean Íosa ab eaḋ Aindrias, drioṫáir Ṡímóin ar ar tugaḋ Peadar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ