Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:17 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus do ṫárla, lá, go raiḃ sé ’n-a ṡuiḋe ag teagasg. Agus ḃí na Fairisíniġ ’n-a suiḋe ann, agus doċtúirí na dliġe, a ḃí tagaiṫe ó gaċ baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus ḃí cóṁaċt ó’n dTiġearna ag dul ċun a slánuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus ṫárla lá aṁáin go raiḃ sé ina ṡuiḋe ag teagasc. Agus ḃí ina suiḋe ann Fairisíniġ agus doctúirí dliġe a ṫáinic as gaċ baile de’n Ġailile agus de Iudaia agus as Ierusalem, agus ḃí cuṁaċt an Tiġearna ċun a slánuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus ṫarla, go raiḃ sé lá ag teagasc; agus go raiḃ ’n‐a suiḋe ann Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe a ṫáinig ó gaċ baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do ḃí cuṁaċt an Tiġearna aige ċum slánuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus tárla go raiḃ sé lá áiriġe, ag teagasg, agus go raḃadar na Ṗairisíniġ agus doctúirí an dliġe na suiḋe a láṫair, noċ ṫáinic as gaċ uile ḃaile don Ġalilé, agus do ṫir Iúdaiġe, agus ó Jerusaléim: agus do ḃí cuṁaċda an Tiġearna ċum a slánuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:17
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á ṫeagasg dos na boċtaiḃ.


Ansan do ṫáinig Sgríḃneóirí agus Fairisíniġ ag triall air ó Ierúsalem, agus duḃradar:


Aċ ċóṁ luaṫ agus ċuaiḋ seisean amaċ ḋíriġ sé ar an sgéal a ḋ’innsint agus do ċraoḃsgaoileaḋ, i dtreó nár ḟéad Íosa dul isteaċ go puibiliḋe sa ċaṫair, agus gur ḟan sé lasmuiġ ins na h-áiteanaiḃ uaigneaċa, agus gur ċruinniġ na daoine ċuige as gaċ áird.


Tógfaid siad aiṫreaċa niṁe, agus má ólaid siad deoċ marḃuiġṫeaċ ní ġortóċaiḋ sé iad: Cuirfid siad a láṁa ar daoine breóite agus beid siad go maiṫ.


Agus na Sgríḃneóirí a ṫáinig anuas ó Ierúsalem, duḃradar gur ḃ’é Beelsebub a ḃí istiġ ann, agus gur le cóṁaċt rí na ndeaṁan a ḃí sé ag cur na ndeaṁan amaċ.


Agus láiṫreaċ do ṫuig Íosa, ann féin, an ċóṁaċt san do ḋul amaċ uaiḋ, agus d’iompuiġ sé ċun na ndaoine, agus duḃairt sé: Cé ṫeangḃuiġ le m’ċuid éadaiġ?


Agus ṫáinig Fairisíniġ agus raint des na Sgríḃneóiríḃ ó Ierúsalem, agus ḃailiġeadar ċuige.


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag ceisneaṁ, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaiġ agus iṫeann sé bia ’n-a ḃfoċair.


Agus do ṫárla, tar éis trí lá go ḃfuaradar é sa teampul ’n-a ṡuiḋe ameasg na n-ollaṁ, ag éisteaċt leó agus ’ġá gceisdiú.


Agus do ċrom na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ar ṁaċtnaṁ, agus ar a ráḋ: Cad é mar ḋuine é seo a laḃrann diaṁasla? Cé ḟéadann peacaí do ṁaiṫeaṁ aċ Dia aṁáin?


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a ḋeisgiobuil-sin: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuíḃreann puibliocánaċ agus peacaċ?


Agus ḃí an tsluaġ go léir a d’iarraiḋ teangaḃáil leis, óir ḃí cóṁaċt ag dul amaċ uaiḋ a ḃí ag slánú gaċ aoinne.


Aċ na Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe, ṫugadar easúṁluiġeaċt do ċóṁairle Dé ’n-a gcoinniḃ féin, óir níor ġlacadar a ḃaisteaḋ-sin.


Agus duḃairt Íosa: Do ṫeangḃaiḋ duine éigin liom; óir is eól dóṁ-sa go ndeaġaiḋ cóṁaċt amaċ uaim.


Duḃairt Íosa leis ’ġá ḟreagraḋ: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neiṫe sin?


Aċ an t-é a ḋeineann gníoṁ na fírinne tagann sé ċun an tsoluis, i dtreó go dtaisbeánfaí a ġnioṁarṫa, óir is i nDia a deineaḋ iad.


Agus do ḋein Dia mírḃúiltí éagsaṁlaċa tré láiṁ Póil.


Le d’láiṁ a ṡíne amaċ ag déanaṁ leiġeas agus mírḃúiltí agus iongnaí tré ainim do Ṁic naoṁṫa Íosa.


Aċ d’eiriġ, sa ċóṁairle, duine de sna Fairisíniġ dár ḃ’ainim Gamaliél, doċtúir dlíġe a ḃí creideaṁnaċ ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduiġ sé na fir do ċur amaċ ṫar dorus an fead tamail ḃig,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ