Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Aċ sin mar ba ṁó do leat an ċaint ’n-a ṫaoḃ, agus do ḃailiġ na sluaiġte móra ċun go n-éistfidís leis, agus ċun go leiġisfí iad ó n-a ngalaraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Aċt is aṁlaiḋ is mó a leaṫnuiġ iomráḋ air, agus ċruinniġ sluaiġte móra le h-éisteaċt leis agus le leiġeas d’ḟaġáil ó n-a gcuid galar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Aċt ba ṁóide do leaṫ na scéala ’n‐a ṫaoḃ go mór: agus ṫáinig na sluaiġte móra i n‐éinḟeaċt le ċéile ċum éisteaċta leis, agus ċum go leiġeasfaiḋe a ngalair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Aċd is móide do leaṫnuiġe a ṫúarasġḃáil sin: agus do ċruinniġ slúaġ mór déisdeaċd ris, agus dfaġáil fóiríġne a dteinneas úaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:15
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do leaṫ an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.


Aċ nuair a ċuadar-san amaċ, do leaṫadar a ċlú ar fuid na tíre sin go léir.


Agus do ġluais a ṫuairisg láiṫreaċ tré críċ Ġaililí go léir.


Aċ ċóṁ luaṫ agus ċuaiḋ seisean amaċ ḋíriġ sé ar an sgéal a ḋ’innsint agus do ċraoḃsgaoileaḋ, i dtreó nár ḟéad Íosa dul isteaċ go puibiliḋe sa ċaṫair, agus gur ḟan sé lasmuiġ ins na h-áiteanaiḃ uaigneaċa, agus gur ċruinniġ na daoine ċuige as gaċ áird.


Aċ d’imṫiġ Íosa agus a ḋeisgiobuil ċun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iúdaéa,


Agus nuair a ḃí sluaiġte móra ’n-a ṫímpal, i dtreó go raḃadar ag satailt ar a ċéile, do ṫusnuiġ sé ar a ráḋ le n-a ḋeisgiobuil; Seaċnaiḋ siḃ féin ar ġiost na ḃFairisíneaċ, an níḋ is cealgaireaċt.


Agus ḃí mórán daoine ag gluaiseaċt i n-aonḟeaċt leis, agus d’iompuiġ sé agus duḃairt sé leó:


Agus do lean sluaġ ṁór daoine é, mar do ċonacadar na mírḃúiltí a ḃí aige ’á ḋéanaṁ ar easlánaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ