Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:43 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus duḃairt sé leó: Ní foláir dom ríġeaċt Dé do ċraoḃsgaoileaḋ i gcaṫaraċaiḃ eile, óir is ċuige sin a cuireaḋ amaċ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 Aċt duḃairt seisean leo: Is éigean daṁ ríoġaċt Dé a ċraoḃscaoileaḋ ins na caṫraċa eile fosta, óir is fá n-a ċoinne sin a cuireaḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Aċt aduḃairt sé leo, Caiṫfiḋ mé déiġ‐scéala ríoġaċta Dé do ċraoḃscaoileaḋ ins na caṫraċaiḃ eile, ċóṁ maiṫ: óir is ċuige sin do cuireaḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Aċd a duḃairt seision ríu, Go firinneaċ is éigin daṁsa flaiṫeas Dé do ṡeanmóir do ċaiṫreaċaiḃ eile leis: óir is ċuige so do cuireaḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:43
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus d’eiriġ sé ana-ṁoċ ar maidin, agus d’imṫiġ sé amaċ agus ċuaiḋ sé go h-áit uaigneaċ, agus ḃí sé ag guiḋe ann.


Ansan duḃairt sé airís leó: Síoṫċáin daoiḃ. Fé mar a ṡeól an t-Aṫair mise seólaim-se siḃ-se.


Tá orm-sa oibreaċa an t-é a ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann; tá an oiḋċe ag teaċt nuair náċ féidir d’aoinne obair a ḋéanaṁ.


Íosa ó Nasaret: ċonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naoṁ agus le cóṁaċt, agus gur ġluais sé ag déanaṁ tairḃṫe agus ag leiġeas na ndaoine a ḃí fé annsmaċt an diaḃail, toisg Dia ḃeiṫ leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ