Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:42 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus nuair ṫáinig an lá d’imṫiġ sé amaċ agus ċuaiḋ sé i n-áit uaigneaċ, agus ḃí na sluaiġte ’ġá lorg, agus ṫánadar ċun na h-áite ’n-a raiḃ sé, agus ḃíodar ’ġá ċoimeád le h-eagla go n-imṫeóċaḋ sé uaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Agus ag dul amaċ dó, nuair a ḃí sé ina lá, ċuaiḋ sé go h-áit uaigniġ, agus ḃí na sluaiġte ġá ċuartuġaḋ, agus ṫáinic siad ḟad leis, agus ḃí siad ġá ċongḃáil, ar eagla go n-imṫiġeaḋ sé uaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus le gealaḋ an lae, ṫáinig sé amaċ agus ċuaiḋ sé amaċ go h‐áit ḟásaṁail: agus do ḃi na sluaiġṫe g‐á lorg, agus ṫángadar ċum na h‐áite ’n‐a raiḃ sé, agus do ḃíodar ag iarraiḋ a ċongḃáil, ċum naċ n‐imṫeoċaḋ sé uaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Agus ar néirġe don lá, do imṫiġ sé a maċ, agus do ċúaiḋ sé a nionad fasaṁáil: agus do ḃí an slúaġ agá lorgaireaċd, agus tangadar ċuige, agus do ḃádar dá ċonġḃail, do ċum náċ aċraḋ sé úaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:42
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ ċóṁ luaṫ agus ċuaiḋ seisean amaċ ḋíriġ sé ar an sgéal a ḋ’innsint agus do ċraoḃsgaoileaḋ, i dtreó nár ḟéad Íosa dul isteaċ go puibiliḋe sa ċaṫair, agus gur ḟan sé lasmuiġ ins na h-áiteanaiḃ uaigneaċa, agus gur ċruinniġ na daoine ċuige as gaċ áird.


Agus ḋeineadar taṫant air, agus duḃradar: Fan againne, mar tá sé n-a ṫráṫnóna agus tá an lá caiṫte ċeana féin. Agus ċuaiḋ sé leó isteaċ.


Agus do ṫárla ins na laeṫanta san go ndeaġaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, agus go dtug sé an oiḋċe ag guiḋe ċun Dé.


Duḃairt Íosa leó: Isé is bia ḋóṁ-sa go ndéanfainn toil an t-é a ċuir uaiḋ mé, agus go gcuirfinn a ġnó ċun cinn.


Agus ṫáinig na Samaritánaiġ ag triall air, agus d’iarradar air fanṁaint sa n-áit. Agus d’ḟan sé ann ḋá lá.


Agus nuair a ċonaic an tsluaġ ná raiḃ Íosa ná a ḋeisgiobuil sa n-áit, ċuadar ar bórd na long agus ṫánadar go Caṗarnaum ag lorg Íosa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ