Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:40 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus tar éis dul gréine fé, an ṁuintir go raiḃ daoine gan sláinte acu nó go raiḃ aon tsaġas daoine breóite acu ḃíodar ’ġá dtaḃairt ċuige; agus ċuireaḋ sé a láṁ ar gaċ duine acu agus leiġiseaḋ sé iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

40 Agus indiaiḋ luiġe na gréine an méid a raiḃ daoine acu a ḃí tinn le galair de’n uile ṡeort, ṫug siad ċuige iad. Agus ag cur a láṁ dó-san ar gaċ aoinneaċ acu leiġeas sé iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus ag dul faoi do’n ġréin, na daoine go raiḃ muinntear leo tinn le galaraiḃ ar biṫ, ṫugadar ċuige iad; agus do ċuir sé a láṁa ar gaċ duine aca, agus do leiġeas sé iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

40 Agus ar ndul don ġrein faoi, gaċ áon ága raḃadar dáoine eagcrúaiḋ ó ṫinneasaiḃ éugsaṁla tugadar ċuigesean íad; agus ar gcur a láiṁ ḋósan ar gaċ áon díoḃ, do ṡlánuiġ sé íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:40
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á ṫeagasg dos na boċtaiḃ.


Agus nuair airiġ Íosa é, d’imṫiġ sé ó’n áit sin, i luing ḃig, isteaċ i ḃfásaċ uaigneaċ; agus nuair a ḋ’airiġ na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na caṫaraċaiḃ.


Óir ḃí mórán daoine aige ’á leiġeas, agus ḃí na daoine go raiḃ aon ġearán orṫa ag brúṫ isteaċ air a d’iarraiḋ teangaḃáil leis;


Agus d’iarr sé aċainíġe air, agus duḃairt: Tá m’inġean ag dul ċun báis; tar agus cuir do láṁ uirṫi ionas go leiġisfí í agus go mairfeaḋ sí.


Agus níor ḟéad sé aon ċóṁaċt d’oibriú sa n-áit sin, aċ gur ċuir sé a láṁ ar raint ḃeag daoine breóite agus gur leiġis sé iad.


i dtreó go mbeirtí ċun na ndaoine mbreóite, ó n-a ċolainn, ciarsúirí agus aprúin, agus go n-imṫíġeaḋ an ḃreóiteaċt díoḃ, agus go n-imṫíġeaḋ na deaṁain asta


I dtreó gur amaċ ar na sráidiḃ, ar ṫoċtaiḃ agus as ṡúsaíḃ, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a ḃead Peadar ag teaċt, dá mba ná déanfad aċ a sgáil tuitim an ḋuine acu go léiġisfí ó n-a mbreóiteaċt iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ