Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:4 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus d’ḟreagair Íosa é: Tá sgríoḃṫa: Ní h-ar arán aṁáin a ṁaireann an duine aċ ar gaċ briaṫar a ṫagann ó Ḋia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus d’ḟreagair Íosa é: Tá sé scríoḃṫa: Ní ar arán aṁáin a ṁaireas an duine, aċt ar an uile ḃriaṫar Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus d’ḟreagair Íosa é, Atá scríoḃṫa, Ní h‐ar arán aṁáin ṁairfeas an duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ḟreagair Iósa é, ag ráḋ, A tá sgríoḃtba, Naċ lé harán a ṁáin ṁairfios an duine, aċd lé gaċ uile ḃréiṫir Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:4
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt seisean ’ġá ḟreagraḋ: Tá sgríoḃṫa: Ní h-ar arán aṁáin a ṁaireann an duine, aċ ar an uile ḟocal d’á dtagann ó ḃéal Dé.


Ná bíḋiḋ ag déanaṁ buarṫa, d’á ḃríġ sin, ’ġá ráḋ, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a ċlúdóċaiḋ sinn?


Nuair a ċuireas uaim siḃ gan sparán gan mála gan bróga, an raiḃ aon níḋ i n-easnaṁ oraiḃ?


Óir tá sgríoḃṫa: Gur ṫug sé órdú ad’ ṫaoḃ d’á aingealaiḃ go ndéanfaidís tu ṫaḃairt saor,


Agus duḃairt an diaḃal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloiċ seo go ndéanfaḋ arán di.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Tá sgríoḃṫa: Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia agus déanfair seirḃís dó san aṁáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ