Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:38 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus nuair eiriġ Íosa ó’n tsinagóig ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Ṡímóin, agus ḃí éagcruas ana-ṫrom ar ṁáṫair céile Ṡímóin, agus ḃíodar ag cur aċainiġe ċuige ar a son.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus d’éiriġ Íosa ó’n tsineagóig agus ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Síomoin. Agus ḃí máṫair ċéile Síomoin gaiḃte leis an ḟiaḃras ṁór, agus ġuiḋ siad é ar a son.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Nuair d’éiriġ sé, ag imṫeaċt ó’n tsionagóig dó, do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Ṡíomóin. Agus do ḃí fiaḃras trom ar ṁáṫair mná Ṡíomóin; agus do ċuireadar aṫċuinġe ar a son air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus an tan do éiriġ Iósa as an tsínagóig, do ċúaiḋ sé a steaċ go tiġ Ṡímóin. Agus do ḃí fiaḃrus roṁór ar ṁáṫair ṁná Ṡimóin; agus do ċuireadar impiḋe airsean air a son.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:38
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus níor ṫug sé aon ḟreagra uirṫi. Agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus d’iarradar air í leigint ċun siúḃail. Leig ċun siúḃail í, ar siad; tá sí ag glaoḋaċ i n-ár ndiaiḋ.


Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Aċ anois féin tá ḟios agam pé rud a iarrfair ar Ḋia go dtaḃarfaiḋ Dia ḋuit é.


Agus do ċuir an ḃeirt driféar teaċtaireaċt ċuige ’ġá ráḋ: A Ṫiġearna, féaċ, an t-é is ionṁuin leat tá sé breóite.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ