Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:35 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt: Ná laḃair, agus imṫiġ amaċ as. Agus do ċaiṫ an deaṁan an duine ar lár an úrláir, agus d’imṫiġ sé amaċ as gan aon díoḃáil a ḋéanaṁ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus ḃagair Íosa air, ag ráḋ: Bí do ṫost, agus gaċ amaċ as. Agus nuair a ċaiṫ an deaṁan i lár báire é, d’imṫiġ sé amaċ as, gan díoġḃáil ar biṫ a ḋéanaṁ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do smaċtuiġ Íosa é, g‐á ráḋ, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as. Agus tar a éis do’n deaṁan a ṫreascairt ar lár, ṫáinig sé amaċ as gan aon díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus do imḋearg Iósa é, ag ráḋ, Bí ad ṫoċd, agus tárr a maċ as. Agus do imṫiġ an deaṁan as, ar na ṫrasgairt go lár, gan díoġḃáil ar biṫ do ḋéanaṁ ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:35
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan ṫáinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan ḟios, agus duḃradar, Cad ’n-a ṫaoḃ nár ḟéadamairne é ċur amaċ?


Agus duḃairt Íosa leó: Cad is eagal daoiḃ, a ḋaoine gan puinn creidiṁ? Ansan d’eiriġ sé agus duḃairt sé leis an ngaoiṫ agus leis an ḃfaraige fanṁaint socair, agus ṫáinig ciúnas mór.


Ansan do ċuir an annsprid truailliġṫe sgread as, agus ḃain sé stracaḋ as an nduine, agus d’imṫiġ sé amaċ as.


Agus d’eíriġ sé agus do smaċtuiġ sé an ġaoṫ agus duḃairt sé leis an ḃfaraige: Éist, bí ciúin.


Aċ do rug Íosa ar láiṁ air, agus do ṫóg sé suas é; agus d’eiriġ sé.


Aċ má ṫagann fear is treise ’na é agus go mbuaḋann sé air, tógfaiḋ sé leis an t-arm go léir ar a raiḃ a ṡeasaṁ-san, agus rainnfiḋ sé a ċuid.


Agus duḃairt sé leó: Gan aṁras déarfiḋ siḃ liom, mar adeir an seanḟocal, A liaiġ, leiġis ṫu féin. Na neiṫe móra a ḋ’airiġeamair a ḋeinis i gCaṗarnaum, dein anso ad’ ḋúṫaiġ féin iad.


Agus do ṡeasaiṁ sé os a cionn agus d’órduiġ sé do’n éagcruas imṫeaċt, agus d’imṫiġ an t-éagcruas di. Agus d’eiriġ sí láiṫreaċ agus ḋein sí frioṫálaṁ orṫa.


Agus nuair a ḃíoḋ na deaṁain ag imṫeaċt amaċ as a lán daoine ḃídís ag liúiriġ, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smaċtuiġeaḋ sé iad agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir d’aiṫniġdís gur ḃ’é Críost e.


Agus ṫánadar ċuige agus ḋúisiġeadar é agus duḃradar: A Ṁáiġistir, tá an dár againn. Agus d’eiriġ sé agus do laḃair sé leis an ngaoiṫ agus leis na tonnaiḃ uisge, agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas.


Agus féaċ, beireann an deaṁan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé ’ġá leagaḋ agus ’ġá stracaḋ as a ċéile, agus cúḃar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis aċ ’ġá stracaḋ.


Agus nuair a ḃí sé ag teaċt do leag an deaṁan é, agus ḃí sé ’ġá stracaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ