Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus duḃairt: leig dúinn; cad í an ḃaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An ċun sinn a ṁilleaḋ do ṫáinís? Tá ’ḟios agam ce h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Ag ráḋ: leig dúinn, cad é an ḃaint atá againne agus agat-sa le ċéile, a Íosa as Nasair? An dár milleaḋ a ṫáinic tú? Tá a ḟios agam cé h-é ṫú, Neaċ Naoṁṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Caidé an ḃaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasarḋa? an ċum sinn do scrios ṫáinig tú? Tá a ḟios agam cia h‐é ṫú, Aon Naoṁṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Ag ráḋ, Uċ; créud í an ḃúain atá aguinne riot, a Iósa Nasarḋa? an dár sgrisne ṫáinic tú? a tá a ḟios agumsa cia ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:34
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus féaċ, do liúġadar agus duḃradar: Cad é sin dúinne ṫusa, a Íosa, a Ṁic Dé? Ar ṫáinís anso roim an aimsir ċun pionóis a ċur orainn?


Cad í an ḃaint atá agatsa agus againne le n-a ċéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An ċun sinn a ṁilleaḋ a ṫáinís annso? Tá ḟios agam cé h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.


Agus do leiġis sé na sluaiġte daoine ó gaċ saġas galair d’á raiḃ orṫa, agus ċuir sé amaċ na sluaiġte deaṁan, agus níor leig sé ḋóiḃ laḃairt, mar d’aiṫníġeadar é.


Agus do liúiġ sé do ġuṫ árd agus duḃairt: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé ṗianaḋ.


Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé léi; Túirliceóċaiḋ an Spioraid Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cóṁaċt Dé Aoird ṫú, agus d’á ḃríġ sin taḃarfar ar an ngein naoṁṫa a ṫiocfaiḋ uait Mac Dé.


Agus ḃí sa tsinagóig duine n-a raiḃ deaṁan neaṁġlan ann, agus do ġlaoiḋ sé do ġuṫ árd,


Agus nuair a ḃíoḋ na deaṁain ag imṫeaċt amaċ as a lán daoine ḃídís ag liúiriġ, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smaċtuiġeaḋ sé iad agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir d’aiṫniġdís gur ḃ’é Críost e.


Agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar an dtalaṁ ’n-a láṫair agus do laḃair sé do ġuṫ árd: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic an Árd-Ḋia? Iarraim ort gan mé ṗianaḋ.


Agus d’iarr pobul na nGerasénaċ go léir air imṫeaċt uaṫa, mar ḃí eagla ana-ṁór orṫa. Agus ċuaiḋ sé an bórd na luinge agus ṫáinig sé ṫar n-ais.


Ṫánadar agus d’iarradar maiṫeaṁnaċas orṫa, agus do rugadar amaċ iad agus d’iarradar orṫa imṫeaċt as an gcaṫair.


De ḃríġ ná fágfair m’anam i n-ifreann agus ná léigfir do t’Aon Naomṫa truailiú a ḋ’ḟeisgint.


Do ṡéanaḃair an t-Aon Naoṁṫa fíoraonta agus d’iarraḃair an marḃṫóir a ṫaḃairt daoiḃ,


Óir do ṫáinig i gceann a ċéile, go fíor, sa ċaṫair seo, i n-aġaiḋ do Ṁic naoṁṫa Íosa ar an ċuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ