Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:31 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, caṫair atá i nGaililí, agus ḃí sé ag teagasg na ndaoine ansan gaċ sabbóid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Agus ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, caṫair san Ġailile, agus ḃíoḋ sé ġá dteagasc annsin ar na sabóidí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus do‐ċuaiḋ sé síos go Cafarnaúm, caṫair atá sa nGalilé. Agus do ḃí sé ag teagasc na ndaoine, lá na sabóide;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus do ċúaiġ sé síos go Capernáum, caṫair don Ġalilé, agus do ḃioḋ sé ḋá dteangasg ann sna sabboidiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:31
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ nuair a déanfar géarleanṁaint oraiḃ sa ċaṫair sin, imṫiġiḋ go caṫair eile: Go deiṁin adeirim liḃ, ní ḃeiḋ caṫaraċa Israéil siúḃalta agaiḃ sar a dtiocfiḋ Mac an Duine.


Agus d’ḟág sé Nasaret, agus ċuaiḋ sé ċun cóṁnuiġṫe i gCaṗarnaum i n-aice na faraige, i gcríoċ Sabulon agus Neṗtalim.


Agus duḃairt sé leó: Gan aṁras déarfiḋ siḃ liom, mar adeir an seanḟocal, A liaiġ, leiġis ṫu féin. Na neiṫe móra a ḋ’airiġeamair a ḋeinis i gCaṗarnaum, dein anso ad’ ḋúṫaiġ féin iad.


Aċ do ṡéid na Iúdaíġ fé sna mnáiḃ diaḋa onóraċa agus fé uaisiḃ na caṫaraċ agus ṁúsgladar géareanṁaint ar Ṗól agus ar Ḃarnabas agus ċomáineadar as an dtír iad.


Agus ḃíoḋ sé sa tsinagóig ag pléiḋ, gaċ lá sabbóide, ag tráċt ar ainim an Tiġearna Íosa, agus ḃí sé ag taḃairt na nIúdaċ agus na nGréagaċ leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ