Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:23 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus duḃairt sé leó: Gan aṁras déarfiḋ siḃ liom, mar adeir an seanḟocal, A liaiġ, leiġis ṫu féin. Na neiṫe móra a ḋ’airiġeamair a ḋeinis i gCaṗarnaum, dein anso ad’ ḋúṫaiġ féin iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus duḃairt sé leo: Gan aṁras déarfaiḋ siḃ an sean-ḟocal seo liom: A liaiġ, leiġeas ṫú féin; neiṫe cóṁ mór agus ċualamar a rinneaḋ i gCaṗarnaum, déan iad fosta annseo i do ḋúṫaiġ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus aduḃairt seisean leo, Adéarfaiḋ siḃ liom, gan aṁras, an sean‐ḟocal so, A liaiġ, leiġeas ṫú féin: na neiṫe do‐ċualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ ḋúṫaiġ féin iad, leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus a duḃairt sé ríu, Déara siḃ rium gan ambarus an seanḟocalsa, A líaġ, leiġis ṫú féin: leiṫeid na neiṫeaḋ do ċúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad ḋúiṫċe féin íad

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:23
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig sé isteaċ ’n-a dúṫaiġ féin, agus ḃí sé ag múineaḋ na ndaoine ins na sinagógaiḃ, i dtreó go mbíoḋ iongnaḋ orṫa, agus go ndeiridís: Cá ḃfuair sé seo an eagna so, agus na cóṁaċta?


Agus d’ḟág sé Nasaret, agus ċuaiḋ sé ċun cóṁnuiġṫe i gCaṗarnaum i n-aice na faraige, i gcríoċ Sabulon agus Neṗtalim.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus d’imṫiġ sé ó’n áit sin agus ṫáinig sé ċun a ṫíre féin, agus do leanadar a ḋeisgiobuil é.


Agus nuair a ḃí gaċ níḋ cóṁliónta acu do réir dlíġe an Tiġearna, d’ḟilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.


Agus d’ḟill sé anuas leó agus ṫáinig sé go Nasaret, agus ḃí sé úṁal dóiḃ. Agus do ċoimeád a ṁáṫair na focail sin go léir ’n-a croiḋe féin.


Agus ṫáinig sé go Nasaret mar ar h-oileaḋ é, agus ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabbóide, isteaċ sa tsinagóig, agus d’eiriġ sé ’n-a ṡeasaṁ ċun léiġṫeóireaċta ḋéanaṁ.


Agus ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, caṫair atá i nGaililí, agus ḃí sé ag teagasg na ndaoine ansan gaċ sabbóid.


Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt: Ná laḃair, agus imṫiġ amaċ as. Agus do ċaiṫ an deaṁan an duine ar lár an úrláir, agus d’imṫiġ sé amaċ as gan aon díoḃáil a ḋéanaṁ dó.


Nó conus is féidir duit a ráḋ le t’ḃráṫair: A ḃráṫair, leig dom an dúradán a ḃaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ ṡúil féin? A ċluanaiḋe, bain an tsail ar dtúis as do ṡúil féin, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar.


Agus d’ḟág an ḃean an t-árṫaċ ’n-a diaiḋ, agus d’imṫiġ sí isteaċ sa ċaṫair agus duḃairt si leis na daoine:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ