Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus ṫugadar go léir fiaḋnuise ḋó; agus dob’ iongna leó an grásta a ḃí sa ċaint a ḃí ag teaċt as a ḃéal, agus deiridís: Náċ é mac Ióseiṗ é seo?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus rinne siad uilig fiaḋnaise leis, agus b’iongnaḋ leo na briaṫra grásaṁla a ṫigeaḋ as a ḃéal, agus deireaḋ siad: Naċ é seo mac Ióseṗ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus ṫugadar go léir an‐aire ḋó, agus do‐rinneadar iongnaḋ de ġrás na mbriaṫar ṫáinig ó n‐a ḃéal; agus aduḃradar, Naċ é mac Ṡeosaiṁ é seo?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus do rinneadar uile fiaḋnuisi leis, agus do ḃí iongantus aca ann sna combráitiḃ grásaṁla do ṫigeaḋ as a ḃéul. Agus a deirdís, An né naċ é so mac Ióseṗ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:22
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ḃí iongna ar a raiḃ ag éisteaċt leis, mar ġeall ar a ġuntaċt agus ar na freagraí a ṫugaḋ sé.


Agus ḃí iongna orṫa-san nuair a ċonacadar é. Agus duḃairt a ṁáṫair leis: A ṁic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féaċ, ḃí t’aṫair agus mise go buarṫa ar do lorg.


Óir taḃarfad-sa ḋaoiḃ béal agus eagna ná féadfaid ḃúr naṁaid go léir cur ’n-a gcoinniḃ ’ná laḃairt ’n-a gcoinniḃ.


Agus ṫusnuiġ sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaiṫe ċun cinn indiu i nḃúr gcluasaiḃ-se.


Agus do fuair Pilib Natanaél agus duḃairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríḃ Maois sa dlíġ, agus na fáiḋe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseṗ ó Nasaret.


Agus duḃradar: Náċ é seo Íosa mac Ióseṗ go ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? Conus, d’á ḃríġ sin, is féidir dó so a ráḋ, Do ṫánag anuas ó neaṁ?


Agus duḃairt na h-oificeaċa leó: Níor laḃair aon duine riaṁ mar a laḃrann an duine seo.


Agus ní raḃdar áḃalta ar ṡeasaṁ i n-aġaiḋ na h-eagna agus i n-aġaiḋ na spioraide le n-a laḃrad sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ