Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus nuair a ḋún sé an leaḃar agus ṫug sé ṫar n-ais é do’n timṫire, do ṡuiḋ sé; agus ḃí súile a raiḃ de ḋaoine sa tsinagóig dlúiṫte air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus nuair a ḋruid sé an leaḃar, ṫug sé ṫar ais do’n ḟreastalaiḋe é, agus ṡuiḋ sé síos. Agus ḃí súla a raiḃ san tsineagóig sáiṫte ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus do ḋún sé an leaḃar, agus ṫug sé ar ais do’n ḟreastalaiḋe é, agus do ṡuiḋ sé síos: agus do ḃí súile a raiḃ sa teampall ag féaċain go géar air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus ar ndúnaġ an leaḃair ḋó, agus ar na taḃairt arís don ġiolla, do ṡuiḋ sé. Agus do ḃáda suile a raiḃ ann sa tsínagoig uile ag féaċain air go géur.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:20
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm.


Agus ċuir sé ’n-a ṫuama nua féin é, a ḃí gearrṫa aige i gcaraig; agus ċuir sé cloċ ṁór ċun ḃéil na h-uaġa, agus d’imṫiġ sé.


Agus níor ḃ’ féidir leó cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaidís, mar ḃí na daoine go léir ar tinniol ag éisteaċt leis.


Agus do tugaḋ dó leaḃar Isáias fáiḋ. Agus d’osgail sé an leaḃar go dtáinig sé ċun na h-áite ’n-a raiḃ sgríoḃṫa:


Agus ṫusnuiġ sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaiṫe ċun cinn indiu i nḃúr gcluasaiḃ-se.


Agus ċuaiḋ sé ar bórd luinge acu, long Ṡímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amaċ ó’n dtír. Agus do ṡuiḋ sé agus ṫeagaisg sé na daoine ó ’n luing.


Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampul airís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ag triall air agus do ṡuiḋ sé agus ḃí sé ’ġá dteagasg.


Agus lá na sabbóide ċuamair amaċ an geata i n-aice aḃan, mar ar saṁluiġeaḋ úrnuiġṫe ḃeiṫ ar siúḃal, agus do ṡuiḋeamair ann agus ḃíomair ag cainnt le mnáiḃ a ḃí cruinniġṫe ann.


Agus do ċonnaic Peadar iad agus d’ḟreagair sé an poḃul: A ḟeara Israéil, cad ab aíl liḃ ag déanaṁ iongna ḋe seo, ná ag féaċaint orainne ċóṁ maiṫ agus dá mba le n-ár neart féin nú le n-ár gcóṁaċt féin a ċuirfimís an duine seo ag siuḃal?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ