Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Tá Spioraid an Tiġearna orm, agus d’á ḃríġ sin d’ong sé me, ċun soisgéil do ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ, do ċuir sé uaiḋ mé ċun luċt an ċroiḋe ḃrúiġte do leiġeas,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Tá Spiorad an Tiġearna orm, agus dá ḃríġ sin rinne sé mé d’ungaḋ, agus ċuir sé mé ċun an soiscéal a ṡeanmóir do na boċta, luċt an ċroiḋe ḃrúiġte a leiġeas,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ta Spíorad an Tíġearna oramsa, tré gur ong sé mé do ċuir sé úaḋ mé do ṡeanmóir an tsoisgél do na boċdoiḃ, do ṡlánuġaḋ na ndáoine agá ḃfuilid croiḋṫe brúiḋte, do ṡeanmóir fúasgalta do na braiġdiḃ agus do da dalluiḃ aisioc a raḋairc, agus do taḃairt sáoirsi don ṁuinntir a tá ar na gcombrúġaġ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:18
56 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á ṫeagasg dos na boċtaiḃ.


Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ, an t-é a ṫoġas, an t-é is ionṁuin liom, an t-é ar a ḃfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróċaiḋ sé breiṫeaṁantas dos na geintiḃ.


Ní ḃrisfiḋ sé an cuaile leóinte, agus ní ṁúċfaiḋ sé an líon go ḃfuil an deataċ as, go dtí go gcuirfiḋ sé amaċ breiṫeaṁantas ċun buaiḋte.


Pobul a ḃí suiḋte i ndorċadas, ċonacadar solus mór, agus d’eiriġ solus do’n ṁuintir a ḃí suiḋte sa n-áit ar a raiḃ sgamall an ḃáis.


Is aoiḃinn dos na boċtaiḃ sa spioraid, mar is leó san ríġeaċt na ḃflaṫas.


Agus do tugaḋ dó leaḃar Isáias fáiḋ. Agus d’osgail sé an leaḃar go dtáinig sé ċun na h-áite ’n-a raiḃ sgríoḃṫa:


Agus tóg sé suas a ṡúile agus d’ḟéaċ sé ar a ḋeisgiobuil agus duḃairt: Is aoiḃinn daoiḃ-se a daoine atá boċt, óir is liḃ ríġeaċt Dé.


Ansan d’ḟreagair sé iad-san agus duḃairt leó: Téiġiḋ ṫar n-ais agus innsiḋ d’Eóin cad a ċloiseaḃair agus cad a ċonacaḃair; raḋarc ’á ṫaḃairt do ḋallaiḃ, siuḃal do ḃacaċaiḃ, na loḃair d’á nglanaḋ, éisteaċt ’á ṫaḃairt do ḃoḋaraiḃ, na mairḃ ag aiseiriġe, an soisgéal d’á ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ.


Do fuair sé sin ar dtúis a ḋrioṫáir féin, Símón, agus duḃairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le ráḋ, an Críost).


Is am’ ṡolus do ṫánag ar an saoġal, ionus, an t-é a ċreideann ionam, ná fanfaḋ sé sa doirċeaċt.


Óir an t-é a ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé bréiṫre Dé; mar ní do réir tóṁais a ṫugann Dia an Spioraid uaiḋ.


Íosa ó Nasaret: ċonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naoṁ agus le cóṁaċt, agus gur ġluais sé ag déanaṁ tairḃṫe agus ag leiġeas na ndaoine a ḃí fé annsmaċt an diaḃail, toisg Dia ḃeiṫ leis.


Ċun a súl a osgailt dóiḃ ionus go n-iompóċaidís ó’n ndoirċeaċt ċun an tsoluis agus ó ċóṁaċt Ṡátain ċun Dé, ionus go ḃfaiġdís maiṫeaṁnaċas peacaí agus inead ameasg naoṁ tríd an gcreideam atá ionamsa.


Ríġṫe an doṁain ag cur cos i dtalaṁ agus na priúnsaí ag teaċt i gceann a ċéile i n-aġaiḋ an Tiġearna agus i n-aġaiḋ a Ċriost?”


Óir do ṫáinig i gceann a ċéile, go fíor, sa ċaṫair seo, i n-aġaiḋ do Ṁic naoṁṫa Íosa ar an ċuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ