Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Tugaiḋ uaiḃ, d’á ḃríġ sin, toraḋ a ḃeiḋ ċóṁ maiṫ leis an aiṫriġe, agus ná cromaiḋ ar a ráḋ: Tá Ábraham i n’aṫair againn. Deirim liḃ go ḃféadfaḋ Dia slioċt do ṫógaint ċun Ábrahaim ó-s na cloċaiḃ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Taḃairigiḋ uaiḃ, dá ḃriġ sin, an toraḋ is dual do’n aiṫriġe, agus ná toisiġigiḋ a ráḋ: Tá Abraham ina aṫair againn. Óir deirim liḃ go dtig le Dia clann a ṫógáil do Abraham as na cloċa sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Taḃraiḋ uaiḃ, d’á ḃriġ sin, torṫaí oireas do ḃúr n‐aiṫriġe, agus ná tosnuiġiḋ ar a ráḋ liḃ féin, Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ, gur féidir le Dia slioċt d’Abraċam do ṫógáil ó na cloċaiḃ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Ar a naḋḃarsin taḃraiḋ tórrṫa ḃus iomċuḃaiḋ don naiṫriġe úaiḃ, agus ná tionsgnaiḋ a ráḋ ionnaiḃ féin, A tá Abraham na aṫair aguinn: oír a deirimsi riḃ, Gur ab éidir lé Dia clann do ḋúsaċd as na cloċmiḃse féin D'abraham.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:8
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’á ḃríġ sin adeirim liḃ go dtógfar uaiḃ-se ríġeaċt Dé, agus go dtaḃarfar í do ċine a ṫaḃarfaiḋ toraḋ uaṫa uirṫi.


Má’s eaḋ tugaiḋ toraḋ uaiḃ a ḃeiḋ do réir na h-aiṫriġe.


Ná h-abraiḋ i n-ḃúr n-aigne: Tá Ábraham i n-a aṫair againn; óir deirim-se liḃ gur féidir do Ḋia clann a ḋéanaṁ d’Ábraham des na cloċaiḃ sin.


Agus nuair a ḃeiḋ fear an tiġe imṫiġṫe isteaċ agus an dorus dúnta aige, tusnóċaiḋ siḃ-se ar ṡeasaṁ amuiġ agus ar an ndorus do ḃualaḋ, agus ar a ráḋ: A Ṫiġearna, osgail dúinn! agus déarfaiḋ sé a’ ḃúr ḃfreagraḋ: Ní ḟeadar cad as daoiḃ-se.


Ansan tusnóċaiḋ siḃ ar a ráḋ: D’iṫeamair agus d’ólamair os do ċóṁair, agus ḋeinis teagasg i n-ár sráidiḃ.


Agus nuair a ṫiocfaḋ sé sin go ndéarfaḋ an t-é a ṫug cuireaḋ ḋuit-se agus dó-san leat, Taḃair an áit sin dó so; agus ansan go gcaiṫfá dul agus fanṁaint sa n-áit is ísle agus náire ort.


Agus duḃairt sé leó: Deirim liḃ, má éistid siad san, go liúġfaid na cloċa amaċ.


Agus duḃairt Íosa leis: Tá slánú fáġalta indiu ag an dtiġ seo de ḃríġ gur de ċlainn Ábrahaim é, leis.


Agus do ċrom na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ar ṁaċtnaṁ, agus ar a ráḋ: Cad é mar ḋuine é seo a laḃrann diaṁasla? Cé ḟéadann peacaí do ṁaiṫeaṁ aċ Dia aṁáin?


D’ḟreagradar é: Is de ṡíol Ábrahaim sinn, agus ní raḃamair riaṁ i n-ár ndaoraiḃ ag aoinne; conus a deirir-se, Saorfar siḃ?


D’ḟreagradar agus duḃradar leis: Isé Ábraham ár n-aṫair-ne. Duḃairt Íosa leó: Má’s clann d’Ábraham siḃ deiniḋ oibreaċa Ábrahaim.


Aċ do ċraoḃsgaoileas é, do’n ṁuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcríċ Iúdaea ar fad, agus do sna Geintiḃ ionus go ndéanfaidís aiṫríġe agus go n-iompóċaidís ar Ḋia, ag déanaṁ diongaḃála na h-aiṫriġe d’oibreaċaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ