Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:3 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus ṫáinig sé ar fuid na gcríoċ go léir ar bruaċ Iórdain ag fógairt baiste ċun aiṫriġe agus ċun maiṫeaṁnaċais peacaí,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus ṫáinic sé ar fud na gcríoċ go léir timċeall na h-Iordáine ag teagasc baisteaḋ aiṫriġe ċun maiṫeaṁnas peacaiḋe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ṫáinig sé isteaċ sa gceanntar i dtimċeall Iornán, ag fógairt baistiḋ na h‐aiṫriġe ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Uime sin ṫáinic sé ar feaḋ na dúiṫċe a dtimċeall Iórdan, ag seanmóir ḃaisdiġ na haiṫriġe ċuin maiṫmbeaċuis na bpeacaḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:3
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Táim-se ag ḃúr mbaiste le h-uisge ċun aiṫriġe, aċ an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ is cóṁaċtaíġe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a ḃróga d’iompar; baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine.


Agus iompóċaiḋ sé a lán de ċlainn Israéil ar a dTiġearna Dia.


Ag taḃairt eóluis slánuiġṫe d’á ṗobul, ionus go maiṫfí a bpeacaí ḋóiḃ;


Agus ḃí Íosa lán de’n Spioraid Naoṁ, agus ṫáinig sé ṫar n-ais ó’n Iórdan, agus do ṡeól an Spioraid isteaċ sa ḃfásaċ é,


Do ṫárla na neiṫe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raiḃ Eóin ag baisteaḋ na ndaoine.


Agus ṫánadar ag triall ar Eóin agus duḃradar leis: A Rabbí, an t-é úd a ḃí ad’ ḟoċair-se lastall de’n Iórdan agus gur ḋeinis fiaḋnaise ḋó, féaċ, tá sé sin ag déanaṁ baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.


Agus roime n-a ṫeaċt san do ċraoḃsgaoil Eóin ḃaiste ċun aiṫríġe do ṗobul Israéil go léir.


Agus duḃairt Pól: Do ḃaist Eóin na daoine le baiste aiṫriġe agus duḃairt sé leó nár ḃ’foláir dóiḃ creideaṁaint sa’ t-é a ḃí le teaċt ’n-a ḋiaiḋ féin, ’sé sin i n-Íosa.


Anoir cad é an ríġneas so ort? Eiriġ agus baistṫear ṫu agus niġ díot do ṗeacaí le glaoḋaċ a ainim.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ