Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus d’ḟreagair Eóin agus duḃairt leó go léir: Táim-se ag ḃúr mbaisteaḋ le h-uisge; aċ tiocfaiḋ duine is treise ’ná mé, duine náċ fiú mé go ndéanfainn iall a ḃróige do sgaoileaḋ. Baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 D’freagair Eoin, ag ráḋ leo uilig: Tá mise ḃur mbaisteaḋ leoga le h-uisce, aċt tiocfaiḋ neaċ is treise ná mé, naċ fiú mé iall a ḃróg a scaoileaḋ: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 d’ḟreagair Eoin, agus aduḃairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce siḃ; aċt atá an té is treise ’ná mé ag teaċt, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a ḃróg: baistfiḋ seisean leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ siḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Do ḟeagair Eóin, ag ráḋ ríu uile, Baisdeamsa siḃ go deiṁin lé huisge; aċd a tá neaċ is nearṫṁuire ná misi ag teaċd, ag naċ fiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ: baisdfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ agus lé teiniḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:16
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Táim-se ag ḃúr mbaiste le h-uisge ċun aiṫriġe, aċ an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ is cóṁaċtaíġe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a ḃróga d’iompar; baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine.


Tá a ġléas cáiṫte i n-a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a úrlár buailte, agus cruinneóċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ sa sgioból, agus loisgfiḋ sé an lóċán le teine naċ féidir a ṁúċaḋ.


D’ḟreagair Eóin iad agus duḃairt sé leó: Deinim-se baisteaḋ i n-uisge, aċ tá ’n-a ṡeasaṁ i nḃúr measg duine náċ aiṫin daoiḃ-se.


Siné an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ-se agus go ḃfuil tusaċ aige orm, agus náċ fiú mise go ndéanfainn iall a ḃróige do sgaoileaḋ.


Agus níor aiṫniġeas-sa é, aċ an t-é a ċuir mé ag déanaṁ baiste i n-uisge duḃairt sé liom: An t-é go ḃfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanṁaint air, siné an t-é a ḋeineann baisteaḋ sa Spioraid Naoṁ.


An t-é a ċreideann ionam-sa, mar aduḃairt an Sgríḃinn: Ruiṫfiḋ as a ḃroinn sruṫana uisge beó.


Gur ḋein Eóin baiste le h-uisge aċ go ndéanfar siḃse do ḃaiste leis an Spioraid Naoṁ laistiġ de ḃeagán laeṫanta.


An ḟaid a ḃí Peadar ag ráḋ na cainnṫe sin do ṫúirling an Spioraid Naoṁ ar a raiḃ ag éisteaċt leis an mbriaṫar.


Do tógaḋ suas é, d’á ḃríġ sin, ar deasláiṁ Dé agus do réir mar a fuair sé ó’n Aṫair an ġeallaṁaint i dtaoḃ an Spioraid Naoiṁ, do ḋoirt sé amaċ é seo, agus ċíonn siḃse é agus airíġeann siḃ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ