Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt leó: An t-é go ḃfuil ḋá ċasóig aige tugaḋ sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go ḃfuil bia aige deineaḋ sé mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus deir sé leo, ġá ḃfreagairt: An té a ḃfuil ḋá ċasóig aige, taḃaraḋ sé do’n té naċ ḃfuil aige, agus an té a ḃfuil biaḋ aige, déanaḋ sé mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, An té ag a ḃfuil ḋá ċasóig, taḃraḋ sé do’n té naċ ḃfuil casóg aige; agus an té ag a ḃfuil biaḋ, déanaḋ sé mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, An té agá ḃfuil dá ċóta, roinneaḋ ris an té ag naċ ḃfuil; agus giḋ bé agá ḃfuil bíaḋ, déanaḋ sé mar an gcéudna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:11
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus déarfaiḋ an Rí ’ġá ḃfreagra: Go deiṁin adeirim liḃ, an ḟaid a ḋeineaḃair é do ḋuine de’n ċuid is suaraíġe de m’bráiṫriḃ anso, do ḋeineaḃair dóṁ-sa é.


Aċ ċeana, d’á ḃfuil agaiḃ tugaiḋ déirc uaiḃ, agus féaċ, tá gaċ níḋ glan daoiḃ.


Nuair airiġ Íosa an níḋ sin duḃairt sé: Tá aon rud aṁáin i n-easnaṁ ort fós: Díol amaċ gaċ a ḃfuil agat agus taḃair do sna boċtaiḃ é, agus beiḋ stór agat ar neaṁ; agus tar agus lean mise.


Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair.


Mar do ċeap cuid acu, ó ḃí an sparán ag Iúdás, gur ḃ’aṁlaiḋ aduḃairt Íosa leis: Ceannaiġ na neiṫe ṫeastóċaiḋ uainn i gcóir na féile; nó rud éigin a ṫaḃairt do sna daoine boċta.


Fear diaḋa n-a raiḃ eagla Dé air féin agus ar a ṫeaġlaċ, do ṫugaḋ mórán déarca uaiḋ do sna daoine, agus a ḃíoḋ ag guiḋe Dé coitċianta.


A Ċornélius, tá éistiṫe le d’ ġuiḋe agus tá cuiṁne ar do ḋéirc i láṫair Dé.


Agus duḃairt seisean, agus é ag féaċainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Ṫiġearna? Agus duḃairt sé leis: Taid t’úrnuiġṫe agus do ḋéirc imiġṫe suas, i gcuíṁne, i láṫair Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ