Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 24:30 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus do ṫárla, an ḟaid a ḃí sé ag caiṫeaṁ bíḋ ’n-a ḃfoċair, gur ṫóg sé arán, agus gur ḃeannuiġ sé é agus gur ḃris sé é, agus gur ṫug sé ḋóiḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus ṫárla, nuair a ḃí sé ina ṡuiḋe ċun bíḋ ina gcuideaċta, gur ġlac sé arán, agus ḃeannuiġ, agus ḃris agus ṫug dóiḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus do ċuaiḋ sé isteaċ ag fanaṁain aca. Agus ṫarla, nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair, gur ṫóg sé an t‐arán, agus gur ḃeannuiġ sé é, agus gur ḃris agus go dtug sé ḋóiḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus tárla, an tan do ċuiḋ sé ċum bí na ḃfoċair, ar mbreiṫ ar a narán; go rug sé buiḋeaċas, agus ar na ḃriseaḋ, tug sé ḋóiḃsion é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 24:30
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt sé leis na daoine suiḋe ar an ḃféar; agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus an dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun neiṁe agus ḃeannuiġ sé iad, agus ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san dos na sluaiġtiḃ iad;


Agus ṫóg sé na seaċt mbulóga agus na h-iasga, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus do ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san do’n tsluaġ iad.


An ḟaid a ḃíodar ag iṫe, do ṫóg Íosa arán, agus ḃeannuiġ é, agus ḃris é, agus ṫug d’a ḋeisgiobulaiḃ é; agus duḃairt: Glacaiḋ agus iṫiḋ: Is é mo ċorp é seo.


Agus an ḟaid a ḃíodar ag iṫe do ṫóg Íosa arán agus ḃeannuiġ sé é, agus ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus duḃairt sé: Glacaiḋ, iṫiḋ; is é mo ċorp é seo.


Agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus au dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas, agus ḃeannuiġ sé iad agus ḃris, agus ṫug d’á ḋeisgiobulaiḃ le cur os cóṁair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg orṫa go léir.


Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe síos ar an dtalaṁ; agus ṫóg sé na seaċt mbulóga, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus ḃris sé an t-arán, agus ṫug sé d’á ḋeisgiobulaiḃ é le cur os cóṁair na ndaoine, agus ċuireadar.


Agus ṫóg sé arán agus ġaiḃ sé buiḋċas agus do ḃris sé é agus ṫug sé ḋóiḃ é agus duḃairt sé: ’Sé mo ċorp é seo, a tugtar ar ḃúr son; deiniḋ an níḋ seo mar ċuiṁneaṁ orm.


Agus ḋeineadar taṫant air, agus duḃradar: Fan againne, mar tá sé n-a ṫráṫnóna agus tá an lá caiṫte ċeana féin. Agus ċuaiḋ sé leó isteaċ.


Agus d’innseadar féin cad a ḃí d’éis tuitim amaċ ar an slíġ, agus conus mar a ḋ’aiṫniġeadar é i mbriseaḋ an aráin.


Ansan do ṫóg sé na ċúig bulóga agus an dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun neiṁe agus ḃeannuiġ sé iad, agus do ḃris, agus ṫug d’a ḋeisgiobuil le cur os cóṁair na ndaoine.


Ansan do ṫóg Íosa an t-arán agus ġaiḃ sé buiḋeaċas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suiḋe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go raḃadar go léir sásta.


Agus ḃíodar seasaṁaċ do ṫeagasg na n-Aspol, agus i gcumann an aráin do ḃrise, agus ins na h-úrnuiġṫe.


Agus d’ḟanaidís do ṫoil a ċéile sa teampul gaċ la, agus ag brise aráin ó ṫiġ go ṫiġ, do ċaiṫidís a gcuid bíḋ i n-áṫas agus i n-aoine croiḋe,


Nuair a ḃi an méid sin ráiḋte aige do ṫóg se arán agus ġaiḃ se ḃuiḋċas le Dia os a gcóṁair go léir, agus ḃris sé an t-arán agus ċrom sé ar iṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ