Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 23:5 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Aċ do ġéaruiġ orṫa-san agus duḃradar: Tá sé ag buaireaṁ na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ġaililí go dtí an áit seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Aċt d’éiriġ siad-san ní ba ḋéine, ag ráḋ: Tá sé ag gríosuġaḋ na ndaoine, ag teagasc ar fud Iudaia go léir, ag toiseaċt ó’n Gailile go dtí an áit seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Aċt ba ḋéine d’áitiġeadar air, g‐á ráḋ, Atá sé ag buaiḋreaḋ na ndaoine, ag tosnú ḋó ó’n nGalilé go dtí an áit seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Aċd do ṫeannadarsan orrṫam ag ráḋ, Buáiḋriḋ sé an pobal, ag teagasg ar feaḋ ṫíre Iúdaiġe uile, ag teasgasg ar feaḋ ṫíre Iúdaiġe uile, ag tosuġaḋ ón Ġalilé go soiṫe so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 23:5
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫárla, nuair a ḃí na h-órduiġṫe taḃarṫa ag Íosa d’á ḋáréag deisgiobul, gur imṫiġ sé as an áit sin ċun teagasg agus craoḃsgaoileaḋ ḋéanaṁ i n-a mbailtiḃ-sin.


Ansan, nuair a rugaḋ Íosa i mBetlehem Iúda, i laeṫiḃ an rí Héróid, ṫáinig draoiṫe ó’n ndoṁan toir go Ierúsalam, agus duḃradar:


Nuair a ċonaic Pílát ná raiḃ ag eiriġe leis, aċ gur toirmeasg a ḃí ag teaċt, fuair sé uisge, agus do niġ sé a láṁa os cóṁair na ndaoine, agus duḃairt sé: Táim-se saor ar ḟuil an ḟíoraoin seo; oraiḃ-se bíoḋ.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus nuair a ḃí Eóin curṫa sa ṗríosún, ṫáinig Íosa isteaċ i nGaililí ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil ríġeaċta Dé.


Agus nuair a ḃí na neiṫe sin aige ’á ráḋ leó, do ċrom na Fairisíniġ agus luċt na dlíġe ar aiġneas leis go h-ana-ḋian, agus ar a ḃéal do ċluiċe ar a lán neiṫe,


Aċ do leanadar-san ag liúiriġ do ġuṫanaiḃ árda go ndéanfaí é ċéasaḋ, agus do ḃuaiḋ a nguṫana.


Nuair a d’airiġ Pílát Gaililí d’ḟiafraiġ sé ar Ġaililíaċ an duine.


Ba ṁian leis dul, lár n-a ṁáireaċ, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus duḃairt Íosa leis; lean mise.


Aċ do liúġadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Duḃairt Pílát leó: An ndéanfad ḃúr rí do ċéasaḋ? D’ḟreagair na h-árd-ṡagairt: Ní’l aon rí againn aċ Caesar.


Ḋein Íosa an tusnú san ar a ṁírḃúiltíḃ i gCána na Gaililí, agus do ṫaisbeáin sé a ċóṁaċt, agus do ċreid a ḋeisgiobuil ann.


Duḃairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus duḃairt raint acu: An ó Ġaililí atá Críost ag teaċt?


D’ḟreagradar agus duḃradar leis: An aṁlaiḋ is Gaililiaċ tusa leis? Cuardaiġ an Sríḃinn, agus ċífir ná h-eiriġeann fáiḋ a’ Gaililí.


Is eól daoiḃse an focal a laḃraḋ ar fuid Iúdaéa go léir, óir do ṫusnuiġ sé ó Ġaililí tar éis an ḃaiste a ċraoḃsgaoil Eóin:


Ansan nuair a ḃí an sgéal ’n-a ḃruiḋin ċaorṫainn eatarṫa ḃi eagal ar an dtrbiún go stracfaidís as a ċéile Pól, agus d’órduiġ sé do sna saiġdiúirí dul síos agus é ṫógaint uaṫa agur é ṫaḃairt isteaċ sa longṗort.


Nuair airiġdar san an ċainnt sin ḃíodar sgólta, agus ṁeasadar iad a ċur ċun báis.


Nuair airíġdar an ċainnt sin do ġeárr sí an croiḋe acu agus ḃíodar ag díosgán a ḃfiacal ċuige.


Agus do ċomáineadar amaċ as an gcaṫair é agus ġaḃdar do sna cloċaiḃ ann, agus ċuir na fínniṫe a mbraiṫ ag cosaiḃ fir óig ar a dtugtí Saul.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ