Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 23:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus duḃairt Íosa: A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní fios dóiḃ cad ’tá acu ’á ḋéanaṁ. Agus do rainneadar a ḃaill éadaiġ, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus duḃirt Íosa: A Aṫair, maiṫ dóiḃ; óir ní ḟuil a ḟios acu cad é tá dá ḋéanaṁ acu. Agus ag roinn a ċuid éadaiġ eatorṫa dóiḃ, ċaiṫ siad crainn orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus a duḃairt Iósa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní ḃfuil a ḟios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduiġsion, do ṫeilgeadar crannċar orṫu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 23:34
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ.


Iseaḋ, a Aṫair; óir sin mar a ḃi taiṫneaṁaċ ad’ láṫair-se.


Aċ deirim-se liḃ-se: Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr naṁdaiḃ; deiniḋ maiṫ do’n ṁuintir a ṫugann fuaṫ ḋaoiḃ; agus deiniḋ guiḋe ar son na muintire a ḋeineann cráḋ agus tromaiḋeaċt oraiḃ.


Agus do ċéasadar é, agus do roinneadar a ċuid éadaiġ, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ féaċaint cé ḃéarfaḋ gaċ ball díoḃ.


Agus duḃairt sé: A Aṫair, má’s toil leat é, beir uaim an ċailís seo: aċ ċeana, ná deintear mo ṫoil-se aċ deintear do ṫoil-se.


Guiḋim orṫa; ní h-ar an saoġal a ġuiḋim, aċ orṫa so a ṫugais-se ḋom; mar is leat-sa iad.


D’ḟreagair Íosa: Ní ḃeaḋ aon níḋ ar do ċumas am’ aġaiḋ mura mbeaḋ gur tugaḋ duit é ó’n áit ṫuas. Uime sin an t-é a ṫug suas duit mé, is mó an peaca atá air.


Do liúiġ Pól air, áṁṫaċ, do ġuṫ árd agus duḃairt sé: Ná dein aon díoḃáil duit ḟéin; táimíd go léir anso.


Aċ anois, a ḃráiṫre, tá ’ḟios agam gur tré aineólus a ḋeineaḃair é, ar nós ḃúr n-uaċtarán.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ