Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 23:2 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus ċromadar ar neiṫe do ċur ’n-a leiṫ, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na ndaoine ar a n-aiṁleas, agus ag cosg cíosa do ṫaḃairt do Ċaesar, agus ’ġá ráḋ gur b’é Críost an rí é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ṫoisiġ siad a ċur neiṫe ina leiṫ, ag ráḋ: Fuaireamar é seo ag cur ár gciniḋ ar a n-aiṁleas, ag crosaḋ cáin a ṫaḃairt do Ċaesar, agus ag ráḋ gurab é féin Críost, an Rí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ṫosnuiġeadar ar neiṫiḃ do ċur ’n‐a leiṫ, g‐á ráḋ, Fuaramar an fear so ag déanaṁ toirmisc i measc ár gciniḋ, agus ag cosc cánaċ do ṫaḃairt do Ċéasar, agus é g‐á ráḋ gur ab é féin Críost rí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ṫionnsgnadar cúis do ċuir air, ag raḋ, Fúramar an fearsa ag iompóḋ ar gciniḋ, agus ag toirmeasg cíosa do ṫaḃairt do Ṡéasar, ag ráḋ gur ab é féin Críosd an Rí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 23:2
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Le Caesar, ar siad. Ansan duḃairt seisean leo: D’á ḃríġ sin tugaiḋ do Ċaesar na neiṫe is le Caesar; agus tugaiḋ do Ḋia na neiṫe is le Dia.


Agus ḃí Íosa ’n-a ṡeasaṁ os cóṁair an riaġaltóra agus do ċeistiġ an riaġaltóir é, agus duḃairt sé: An tusa rí na nIúdaċ? Duḃairt Íosa leis: Deir tú é.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Tugaiḋ, d’á ḃríġ sin, do Ċaesar na neiṫe is le Caesar, agus do Ḋia na neiṫe is le Dia.


Agus d’ḟiafraiġ Pílát de: An tusa rí na n-Iúdaċ? Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Deirir-se é.


Agus duḃairt sé leó: Ṫugaḃair ċúġam an duine seo mar go raiḃ sé ag cur na ndaoine ar aiṁleas, agus féaċ, do ċeistiġeas os ḃúr gcóṁair é agus ní ḃfuaras ciontaċ i n-aon níḋ é de sna neiṫiḃ atá agaiḃ ’á ċur ’n-a leiṫ.


Aċ do ġéaruiġ orṫa-san agus duḃradar: Tá sé ag buaireaṁ na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ġaililí go dtí an áit seo.


Uime sin do ċuaiḋ Pílát amaċ ag triall orṫa, agus duḃairt sé: Cad ’tá agaiḃ ’á ċur i leiṫ an duine seo?


D’ḟreagradar agus duḃradar leis: Mura mbeaḋ é seo ḃeiṫ ’n-a ċuirpṫeaċ ní ṫaḃarfaimís ag triall ort-sa é.


Agus as san amaċ ḃí Pílát a d’iarraiḋ é leigint saor. Aċ do liúiġ na Iúdaiġ, agus duḃradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Caesar tu; Óir, gaċ aoinne a ḋeineann rí ḋe féin laḃrann sé i n-aġaiḋ Ċaesair.


agus ni’l ar a gcumas a ṫaisbeáint duit-se gur fíor na neiṫe atá acu ’a ċur am leiṫ.


Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanaṁ toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an doṁain agus ’n-a ċeann ar an aicme annrianta san, na Nasarénaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ