Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 23:14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus duḃairt sé leó: Ṫugaḃair ċúġam an duine seo mar go raiḃ sé ag cur na ndaoine ar aiṁleas, agus féaċ, do ċeistiġeas os ḃúr gcóṁair é agus ní ḃfuaras ciontaċ i n-aon níḋ é de sna neiṫiḃ atá agaiḃ ’á ċur ’n-a leiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus duḃairt leo: Ṫug siḃ ċugam an duine seo, aṁail neaċ a ḃéaḋ ag cur na ndaoine ar a n-aiṁleas, agus féaċ, ċeistiġ mé é ós ḃur gcóṁair, agus ní ḟuarr mé an duine sin cionntaċ i n-aon ċionn de na neiṫe atá siḃ a ċur ina leiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Ṫugaḃar ċugam an fear so mar ḋuine atá ag buaiḋreaḋ na ndaoine agus féaċ, tar a éis dom a ċeistiú ’n‐ḃúr ḃfiad naise, ní ḟuaras cionntaċ é ins na neiṫiḃ atá agaiḃ‐se d’á gcur ’n‐a leiṫ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 A duḃairt sé riu, Tugaḃair ċugamsa an duinesi, mar neaċ iompóiḋeas an pobal: agus, féuċ, ar gceasduġaḋ ris damṡa ann ḃar ḃfiaḋnuisi féin, ní ḟúair me coir ar biṫ ar an duine do na neiṫiḃ agá ndéantáoisi casáoid air:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 23:14
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ’n-a ċaṫaoir ḃreiṫeaṁantais, agus ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, agus duḃairt sí: Ná ḃíoḋ aon ḃaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingṫe agam indiu mar ġeall air, tré aisling.


Nuair a ċonaic Pílát ná raiḃ ag eiriġe leis, aċ gur toirmeasg a ḃí ag teaċt, fuair sé uisge, agus do niġ sé a láṁa os cóṁair na ndaoine, agus duḃairt sé: Táim-se saor ar ḟuil an ḟíoraoin seo; oraiḃ-se bíoḋ.


Agus duḃairt sé: Ḋeineas peacaḋ, mar do ḋíolas fuil neaṁċiontaċ. Aċ duḃradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíoḋ ort féin.


An taoiseaċ céad, áṁṫaċ, agus an ḃuiḋean a ḃí ’n-a ṫeannta ag faire Íosa, nuair a ċonacadar an luasgaḋ talṁan agus na neiṫe do ṫuit amaċ, ṫáinig eagla ana-ṁór, orṫa agus duḃradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus bíoḋ ná fuaradar aon ċoir ann d’iarradar ar Ṗílát go leogfí ḋóiḃ é ċur ċun báis.


Agus ḃíodar so níos uaisle ’ná muinntir Ṫesaloníca, agus do ġlacadar an briaṫar le lán-díogras, agus ḃídís coitċianta ag cuardaċ na Scriptiúiri féaċaint an mbíoḋ san aṁlaid.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ