Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus ċuir sé uaiḋ Peadar agus Eóin, agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ agus ollaṁuiġiḋ an ċáisg dúinn go n-iṫeam é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ċuir sé uaiḋ Peadar agus Eoin, ag ráḋ: Imṫiġigiḋ agus déanaigiḋ réiḋ dúinn, ċun go n-iṫimíd an ċáisc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ċuir sé uaiḋ Peadar agus Eoin, g‐á ráḋ, Téiġiḋ agus ullṁuiġiḋ an Ċáisc dúinn, go n‐iṫimíd é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ċuir Iósa Peadar and Eóin úaḋ, ag raḋ, Imṫiġ, agus ullṁuiġiḋ ḋuinn an túan cásg, do ċum go níosamáois é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:8
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gaċ fíoraontaċt do ċóṁlíonaḋ. Ansan do ġéill sé ḋó.


Agus ḃí an ḃeirt fíoraonta i láṫair Dé ag siuḃal i n-aiṫeantaiḃ agus i ndlistineasaiḃ an Tiġearna, go h-iomlán, gan ċáim.


Agus duḃradar-san: Canad is toil leat go n-ollaṁóċaimís é?


Agus ḃí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul ċun úrnuiġṫe an naoṁaḋ tráṫ.


Agus ḃí greim aige ’á ċimeád ar Ṗeadar agus ar Eóin, agus ċonnaic na daoine é agus ḃailiġdar tímpall ar an mbeirt ag an bpóirse ar a dtugtar Póirse Ṡalomón, agus uaṫḃás orṫa.


Ċonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad ċun dul isteaċ agus d’iarr sé orṫa déirc a ṫaḃairt dó.


Ansan, nuair a ċonnacadar Peadar agus Eóin agus iad ċóṁ seasaṁaċ, agus nuair a fuaradar gur ḋaoine iad a ḃí gan taḃairt suas, gan foġluim, ḃí iongna orṫa; agus d’aiṫníġdar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa;


Ansan do freagair Peadar agus Eóin agus duḃradar: Breiṫniġiḋ féin cia’cu is ceart i láṫair Dé, rud a ḋéanaṁ, oraiḃre ’nú rud a déanaṁ ar Ḋia:


Ansan d’airiġ na h-Aspoil a ḃí i n-Ierúsalem go raiḃ Samaria tar éis bréiṫir Dé do ġlacaḋ agus ċuireadar Peadar agus Eóin ag triall orṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ