Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:70 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

70 Ansan duḃradar go léir: D’á ḃríġ sin an tusa Mac Dé? Agus duḃairt sé: Deirṫí-se gur mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

70 Agus duḃairt siad uilig: Mar sin, an tusa Mac Dé? Duḃairt seisean: Deir siḃ-se gur mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

70 Agus aduḃairt seisean leo, Adeir siḃ é, gur mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

70 Agus a duḃradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a duḃairt seision riú, A deirṫisi gur ab mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:70
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan, do ḟreagair Iúdás, an fear a ḋíol é, agus duḃairt: An mise é, a Máiġistir? Duḃairt sé leis: Duḃraís é.


Aċ ní lúġa adeirim-se liḃ-se, Ċífiḋ siḃ ’n-a ḋiaiḋ so Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ nirt Dé, agus ag teaċt i néallaiḃ neiṁe.


Agus ḃí Íosa ’n-a ṡeasaṁ os cóṁair an riaġaltóra agus do ċeistiġ an riaġaltóir é, agus duḃairt sé: An tusa rí na nIúdaċ? Duḃairt Íosa leis: Deir tú é.


Bí a ṁainġín as Dia, saoraḋ Dia anois é, má’s áil leis é: Óir duḃairt sé, Is mé Mac Dé.


An taoiseaċ céad, áṁṫaċ, agus an ḃuiḋean a ḃí ’n-a ṫeannta ag faire Íosa, nuair a ċonacadar an luasgaḋ talṁan agus na neiṫe do ṫuit amaċ, ṫáinig eagla ana-ṁór, orṫa agus duḃradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus féaċ, guṫ as na flaṫais aduḃairt: Isé seo mo ṁac dílis ar a ḃfuil mo ġreann.


Agus ṫáinig an t-Áirseóir agus duḃairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduiġ arán a ḋéanaṁ des na cloċaiḃ sin.


Agus ansan duḃairt Íosa leis: Is mé; agus ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ cóṁaċta Dé agus ag teaċt i sgamallaiḃ neiṁe.


Agus d’ḟiafraiġ Pílát de: An tusa rí na n-Iúdaċ? Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Deirir-se é.


Agus duḃradar-san: Cad is gáḋ ḋúinn a ṫuille fiaḋnuise? Óir d’airiġeamair as a ḃéal féin é.


Agus do ċuir Pílát ceist ċuige agus duḃairt sé: An tusa rí na n-Iúdaċ? Agus duḃairt seisean ’ġá ḟreagraḋ: Deirir é.


Agus nuair a ḃíoḋ na deaṁain ag imṫeaċt amaċ as a lán daoine ḃídís ag liúiriġ, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smaċtuiġeaḋ sé iad agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir d’aiṫniġdís gur ḃ’é Críost e.


Agus do ċonac; agus ṫugas fiaḋnaise gur b’é Mac Dé é seo.


D’ḟreagair Natanaél agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


An t-é a ḃeannuiġ an t-Aṫair agus do ċuir sé uaiḋ ar an saoġal, an ndeir siḃ-se leis, Tá diaṁaslaḋ agat ’á ḋéanaṁ, toisg go nduḃart, Is mé Mac Dé?


Ansan duḃairt Pílát: An rí ṫu, mar sin? D’ḟreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is ċuige do rugaḋ mise, agus is ċuige do ṫánaġ ar an saoġal, ċun go ndéanfainn fiaḋnaise do’n ḃfírinne. Gaċ n-aon a ḃaineann leis an ḃfírinne, éisteann sé le m’ ġlór-sa.


D’ḟreagair na Iúdaiġ: Tá dlíġ againne, agus do réir na dliġe sin is ceart dó bás d’ḟáġail, de ḃríġ gur ḋein sé Mac Dé ḋe féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ