Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:66 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

66 Agus nuair ṫáinig an lá do ṡuiḋ uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobuil agus na Ṡgríḃneóirí i gcóṁairle, agus ṫugadar eisean isteaċ sa cóṁairle, agus duḃradar: Innis dúinn an tusa Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

66 Agus nuair a ṫáinic an lá, ċruinniġ seanóirí an ṗobail, agus uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe le ċéile, agus ṫug siad isteaċ ina gcóṁairle é, agus duḃairt: Innis dúinn, an tusa an Críost?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

66 Agus nuair ṫáinig an lá, do ċruinniġ seanóirí an ṗobail le ċéile, idir uaċtaránaiḃ na sagart agus na scríoḃaiḋṫiḃ; agus ṫugadar eisean isteaċ ’n‐a n‐árd‐ċóṁairle,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

66 Agus mar déiriġ an lá, do ċrinniġeadar sinnsir an ṗobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuiḋe a ḃfoċair a ċéile, agus tugadar eision ċum a gcoṁairle féin,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:66
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a ṫáinig an ṁaidion, ċuaiḋ uaċtaráin na sagart go léir agus seanóirí an ṗobuil i gcóṁairle i n-aġaiḋ Íosa, ċun go gcurfidís ċun báis é.


Aċ deirim-se liḃ, gaċ duine atá i ḃfeisg le n-a ḃráṫair beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas. An t-é áṁṫaċ a déarfaiḋ le n-a ḃráṫair, Raca, beiḋ sé ciontaċ do’n ċóṁairle. Agus an t-é a déarfaiḋ, A amadáin, beiḋ sé ciontaċ cun teine ifrinn.


Agus ar maidin lár n-a ṁáireaċ go luaṫ ċuaiḋ uaċtaráin na sagart i gcóṁairle leis na seanóiríḃ agus leis na Sgríḃneóiríḃ, agus leis an gcóṁairle ċoitċian, agus ṫugadar suas Íosa, gaḃṫa, do Ṗílát.


Ansan do rugadar Íosa leó ó Ċáiṗas go dtí an Praetórium. Ḃí sé ’n-a ṁaidin an uair sin, agus níor ċuadar féin isteaċ sa halla, i dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an ċáisg.


Ṫug uaċtarán na sagart, agus na seanóirí, teistiméireaċt dom air sin; agus fuaras leitireaċa uaṫa ag triall ar na bráiṫriḃ i nDamascus, ċun iad a ṫaḃairt liom anso gaḃṫa go Ierúsalem i dtreó go gcurfí pionós orṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ