Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:61 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

61 Agus d’iompuiġ an Tiġearna agus d’ḟéaċ sé ar Ṗeadar. Agus ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt an Tiġearna: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ séanfir-se mise trí h-uaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

61 Agus ṫionntuiġ an Tiġearna ṫart, agus d’aṁarc sé ar Ṗeadar. Agus ċuiṁniġ Peadar ar ḃriaṫar an Tiġearna, mar a duḃairt sé: Sul a scairtiḋ an coileaċ, séanfaiḋ cú mé trí h-uaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

61 Agus d’iompuiġ an Tiġearna, agus do ḋearc sé ar Ṗeadar. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar ḟocal an Tiġearna, go nduḃairt sé, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ indiu, séanfair‐se mé trí h‐uaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

61 Agus ar gcasaḋ don Tiġearna, dféuċ sé ar Ṗeadar. Agus do ċuṁniġ Peadar ar ċomráḋ an Tiġearna, cionnas a duḃairt sé ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí huáire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:61
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Duḃairt Íosa leis: Go deiṁin adeirim leat, anoċt féin, sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ, séanfair-se mise trí h-uaire.


Agus do ċuíṁniġ Peadar ar an ḃfocal úd aduḃairt Íosa; Sar a nglaolḋ-fiḋ an coileaċ séanfair-se mise trí h-uaire. Agus d’imṫiġ sé amaċ, agus do ġoil sé go dúḃaċ.


Agus láiṫreaċ do ṫuig Íosa, ann féin, an ċóṁaċt san do ḋul amaċ uaiḋ, agus d’iompuiġ sé ċun na ndaoine, agus duḃairt sé: Cé ṫeangḃuiġ le m’ċuid éadaiġ?


Agus d’ḟreagair an Tiġearna agus duḃairt sé léi: A Ṁarta, a Ṁarta, tá mórán neiṫe a’d ċur ṫré ċéile agus ag cur buarṫa ort,


Aċ duḃairt seisean: Deirim leat, a Ṗeadair, ná glaoiḋfiḋ an coileaċ indiu go séanair-se trí h-uaire aon aiṫne ḃeiṫ agat orm. Agus duḃairt sé leó:


Agus duḃairt Peadar: A ḋuine, ní h-eól dom cad ’tá agat d’á ráḋ. Agus láiṫreaċ, le linn an ḟocail a ráḋ ḋó, do ġlaoiḋ an coileaċ.


Agus d’imṫiġ Peadar amaċ agus do ġoil sé go duḃaċ.


Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol.


Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?


D’ḟreagair Íosa é: Taḃarfair t’anam ar mo ṡon? Go deiṁin, deiṁin, adeirim leat, ní ġlaoḋfaiḋ an coileaċ sar a séanfair trí h-uaire mé.


Do ṫóg Dia suas le n-a laiṁ ḋeis é ’n-a Ṗriúnsa agus ’n-a Ṡlánuiġṫeoir ċun go dtaḃarfaḋ sé aiṫríġe agus maiṫeaṁnaċas peacaí d’Israél.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ