Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:52 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

52 Agus duḃairt Íosa leis an muintir a ṫáinig ċuige, uaċtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ a ṫánaḃair amaċ le claiḋṁtiḃ agus le cleaṫaċaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

52 Agus duḃairt Íosa le h-uaċtaráin na sagart agus ceannairí ġárda an teampaill agus na seanóirí, a ṫáinic ċuige: An dtáinic siḃ amaċ aṁail ċuig gadaiḋe le claiḋṁe agus bataí?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

52 Agus aduḃairt Íosa leo‐san ṫáinig ċuige, uaċraráin na sagart, agus maoir an teampaill, agus na seanóirí, An ċum biṫeaṁnaċ d’ionnsaiġe, ṫáinig siḃ amaċ, le claiṁtiḃ agus le bataiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

52 Agus a duḃairt Iósa ris na hardsagartaiḃ, agus úaċdaráuiḃ an teampuill, agus na seinnsearaiḃ, ṫáinic ċuige, An dtangaḃair amaċ, le cloiḋiṁṫiḃ agus le batuiḋiḃ, aṁuil ċum ḃioṫaṁnuiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:52
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus é ag ráḋ na ḃfocal san, féaċ, ṫáinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluaġ le n-a ċois a ċuir uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobuil leis, agus claiḋṁte acu agus bataí.


An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm.


Óir deirim liḃ náċ foláir an méid seo fós atá sgríoḃṫa do ċómlíonaḋ ionam-sa: Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir, na neiṫe a ḃaineann liom, tá deire leó.


Agus d’imṫiġ sé agus do laḃair sé le h-uaċtaráin na sagart agus leis na giúistísíḃ, ar conus a ḋéanfaḋ sé é ṫaḃairt suas dóiḃ.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Fanaiḋ go fóil; agus ċuir sé a láṁ ar ċluais an duine agus do leiġis sé é.


Ḃíos agaiḃ gaċ aon lá sa teampul agus níor ṡíneaḃair láṁ ċúġam; aċ sidé ḃúr dtráṫ, agus cóṁaċt an dorċadais.


An ḟaid a ḃíos ’n-a ḃfoċair ar an saoġal do ċoimeádas iad at’ ainim-se. An ṁuintir a ṫugais dom do ċoimeádas iad, agus níor imṫiġ íde as aoinne acu aċ ar ṁac na h-íde, ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir.


Ansan d’imṫiġ an t-oificeaċ agus na fir a ḃí aige agus ṫug sé leis iad gan éigean, óir ḃí eagla na ndaoine orṫa, go ngeoḃṫí do ċloċaiḃ ionta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ