Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:42 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus duḃairt sé: A Aṫair, má’s toil leat é, beir uaim an ċailís seo: aċ ċeana, ná deintear mo ṫoil-se aċ deintear do ṫoil-se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Ag ráḋ: A Aṫair, má’s toil leat, beir uaim an ċailís seo. Ciḋeaḋ, ná déantar mo ṫoil-se, aċt do ṫoil-se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: aċt ċeana, nárab é mo ṫoil‐se aċt do ṫoil‐se do‐ġéantar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Ag ráḋ, A Aṫair, mas toil leaċd, cuir an cupánsa ṫoram: aċ ċeana nar ab í mo ṫoilsi, aċd do ṫoilsi, do ḋéantar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:42
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ.


Iseaḋ, a Aṫair; óir sin mar a ḃi taiṫneaṁaċ ad’ láṫair-se.


Aċ d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt: Ní h-eól daoiḃ cad ’tá agaiḃ ’á iarraiḋ. An ḃfuil siḃ ábalta ar an gcailís a ḋ’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd.


Ansan do ḋruid sé tamall uaṫa, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, ag guiḋe, agus duḃairt sé: A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an ċailís seo ṫaram; aċ sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, aċ mar is toil leat-sa.


Ċuaiḋ sé i leiṫ taoiḃ airís ag guiḋe, agus duḃairt: A Aṫair, mura féidir an ċailís seo do ḋul ṫarm gan me ’ġá h-ól, do ṫoil-se go ndeintear.


Agus d’ḟág sé iad, agus d’imṫiġ sé airís, agus ḋein sé guiḋe an tríṁaḋ h-uair, ag ráḋ na cainte céadna.


Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, go naoṁṫar t’ainim. Go dtagaiḋ do ríġeaċt. Go ndeintear do ṫoil ar an dtalaṁ mar a deintear ar neaṁ.


Agus duḃairt sé: Abba, a Aṫair, tá gaċ níḋ ar do ċumas; cuir an ċailís seo i leiṫ taoiḃ uaim; ná deintear áṁṫaċ, an níḋ is toil liom-sa, aċ an níḋ is toil leat-sa.


Agus duḃairt Íosa: A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní fios dóiḃ cad ’tá acu ’á ḋéanaṁ. Agus do rainneadar a ḃaill éadaiġ, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ.


Agus duḃairt Íosa le Peadar: Cuir do ċlaiḋeaṁ n-a ṫruaill taisge. An ċailís a ṫug an t-Aṫair dom, an aṁlaiḋ ná h-ólfad í?


Duḃairt Íosa leó: Isé is bia ḋóṁ-sa go ndéanfainn toil an t-é a ċuir uaiḋ mé, agus go gcuirfinn a ġnó ċun cinn.


Ní ḟéadaim-se aon níḋ do ḋéanaṁ uaim féin. Mar a ċloisim iseaḋ ṫugaim breiṫ; agus bíonn mo ḃreiṫ ceart, óir ní h-í mo ṫoil féin is áil liom, aċ toil an t-é a ċuir uaiḋ mé.


Óir ní ċun mo ṫoile féin a ḋéanaṁ a ṫánag anuas ó neaṁ, aċ ċun go ndéanfainn toil an t-é a ċuir uaiḋ mé.


Ansan, nuair a ṫeip orainn é ḃogaḋ d’éisteamair agus duḃramair: Toil an Tiġearna go ndeintear!


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ