Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:37 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Óir deirim liḃ náċ foláir an méid seo fós atá sgríoḃṫa do ċómlíonaḋ ionam-sa: Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir, na neiṫe a ḃaineann liom, tá deire leó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Óir deirim liḃ, gurab éigean an níḋ seo atá scríoḃṫa a ċóiṁlíonaḋ go fóill ionnam-sa: “Agus h-airṁiġeaḋ é le cuirpṫiġ”; óir na neiṫe a ḃaineas liom-sa, tig siad ċun críċe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Óir adeirim liḃ, go gcaiṫfear an niḋ seo atá scríoḃṫa do cóiṁlíonaḋ ionnam‐sa, Agus do h‐áirṁeaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir an méid ḃaineas liom atá sé d’á ċóiṁlíonaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Oir a deirim riḃ, Gur ab éigin fós an ní atá sgrioḃṫa do ċoiṁlíonaḋ ionnamsa, Agus atá sé ar na ċoṁáireaṁ a measg na ndáoine coirṫéaċ: óir na neiṫe úd atá am ṫaoiḃse atá deireaḋ aca:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:37
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċéasadar i n-aonḟeaċt leis beirt ḃiṫeaṁnaċ, duine acu ar a ḋeis agus an duine eile ar a ċlí.


Agus do cóṁlíonaḋ an sgriptiúir adeir: Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ.


Agus do ṫóg Íosa an dáréag, agus duḃairt sé leó: Féaċ, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cóṁlíonfar gaċ níḋ d’á ḃfuil sgríoḃṫa ag na fáiḋiḃ i dtaoḃ Ṁic an Duine.


Is fíos go ḃfuil Mac an Duine ag imṫeaċt, fé mar atá ceapaiṫe, aċ is léanṁar do’n t-é sin tré n-a mbraṫfar é.


Agus duḃradar: Ní raiḃ. Agus duḃairt sé leó: Aċ anois, an t-é ’go ḃfuil sparán aige beireaḋ sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díolaḋ sé a ḃrat agus ceannuiġeaḋ sé claiḋeaṁ.


Agus duḃairt Íosa leis an muintir a ṫáinig ċuige, uaċtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ a ṫánaḃair amaċ le claiḋṁtiḃ agus le cleaṫaċaiḃ?


Agus ḃí ḃeirt eile, beirt ṁéirleaċ, d’á mbreiṫ i n-aonḟeaċt leis ċun iad do ċur ċun ḃáis.


Agus ṫusnuiġ sé le Maois agus do noċt sé ḋóiḃ bríġ na ḃfáiḋ go léir ins gaċ níḋ a ḃí sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ féin.


Má duḃairt sé gur ḋéiṫe iad súd gur laḃraḋ briaṫar Dé leó, agus náċ féidir an scriptiúir do ċur ar neaṁníḋ,


Do ṡoillsiġeas-sa ṫú ar an dtalaṁ so; tá an obair déanta agam a ṫugais dom le déanaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ