Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:36 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus duḃradar: Ní raiḃ. Agus duḃairt sé leó: Aċ anois, an t-é ’go ḃfuil sparán aige beireaḋ sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díolaḋ sé a ḃrat agus ceannuiġeaḋ sé claiḋeaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Agus duḃairt siad-san: Ní raiḃ. Ar an aḋḃar sin, duḃairt sé leo: Aċt anois, an té a ḃfuil sparán aige, beireaḋ sé leis é; agus mála, mar an gcéadna; agus an té naċ ḃfuil, díolaḋ sé a ċasóg, agus ceannuiġeaḋ sé claiḋeaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus aduḃairt sé leo, Aċt anois, an té ag a ḃfuil sparán beireaḋ sé leis é, agus mála, leis: agus an té naċ ḃfuil claiḋeaṁ aige, díolaḋ sé a ḃrat, agus ceannuiġeaḋ sé ceann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Ar a naḋḃarsin a duḃairt sé ríu, Aċd a nois, giḋ bé agá ḃfuil sparán tógḃaḋ sé é, agus a ṁála mar an gcéadna: agus giḋ bé ag naċ ḃfuil, reacaḋ sé a ḃrat, agus ceannċaḋ sé cloiḋeaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:36
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná bíoḋ mála ċun lóin ḃóṫair agaiḃ, ná ḋá ċasóig, ná bróga, ná cleiṫ; óir is fiú an fear oibre é ċoṫú.


Nuair a ċuireas uaim siḃ gan sparán gan mála gan bróga, an raiḃ aon níḋ i n-easnaṁ oraiḃ?


Óir deirim liḃ náċ foláir an méid seo fós atá sgríoḃṫa do ċómlíonaḋ ionam-sa: Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir, na neiṫe a ḃaineann liom, tá deire leó.


Agus duḃradar-san leis: Féaċ, a Ṫiġearna, ḋá ċlaiḋeaṁ anso. Agus duḃairt sé leó: Ní ḃeag san.


Cuiṁniġiḋ ar an ḃfocal aduḃart liḃ: Ní’l an seirḃíseaċ níos mó ’ná a ṁaiġistir. Má ḋeineadar géarleanṁaint orm-sa déanfaid siad géarleanṁaint oraiḃ-se, leis; má ċoimeádadar mo ḃréiṫre-se, coimeádfaid siad ḃúr mbréiṫre-se, leis.


Do laḃras na neiṫe sin liḃ ionus go mbeaḋ síoṫċain agaiḃ ionam-sa. Beiḋ trioblóid sa tsaoġal agaiḃ; aċ glacaiḋ misneaċ, tá buaiḋte agam-sa ar an saoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ