Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:19 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus ṫóg sé arán agus ġaiḃ sé buiḋċas agus do ḃris sé é agus ṫug sé ḋóiḃ é agus duḃairt sé: ’Sé mo ċorp é seo, a tugtar ar ḃúr son; deiniḋ an níḋ seo mar ċuiṁneaṁ orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus ag breiṫ ar arán dó, ṫug sé buiḋeaċas, agus ḃris agus ṫug dóiḃ, ag ráḋ: Is é seo mo ċorp, a ḃeirtear ar ḃur son; déanaigiḋ seo mar ċuiṁne orm-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do ṫóg sé arán, agus nuair ṫug sé buiḋeaċas, do ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, g‐á ráḋ, Is é seo mo ċorp do‐ḃeirṫear ar ḃúr son‐sa: déanaiḋ so mar ċuiṁneaṁ orm‐sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus ar ngaḃáil a nárain ċuíge, ar mbreiṫ huiḋeaċais dó, do ḃris, agus tug sé ḋóiḃsean é, ag ráḋ, A sé so mo ċorpsa do ḃearṫar áir ḃur sonsa: déanuiḋ so mar ċuiṁne oramsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:19
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt sé leis na daoine suiḋe ar an ḃféar; agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus an dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun neiṁe agus ḃeannuiġ sé iad, agus ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san dos na sluaiġtiḃ iad;


Agus ṫóg sé na seaċt mbulóga agus na h-iasga, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus do ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san do’n tsluaġ iad.


Agus ṫóg sé an ċailís agus do ġaiḃ sé buiḋeaċas agus duḃairt: Glacaiḋ agus rainniḋ eadraiḃ;


Agus mar an gcéadna an ċailís, tar éis suipéir, agus duḃairt sé: An ċailís í seo an tiomna nua am’ ċuid fola, a doirtfar ar ḃúr son.


Agus do ṫárla, an ḟaid a ḃí sé ag caiṫeaṁ bíḋ ’n-a ḃfoċair, gur ṫóg sé arán, agus gur ḃeannuiġ sé é agus gur ḃris sé é, agus gur ṫug sé ḋóiḃ é.


Ṫáinig, áṁṫaċ, loingeas eile ó Ṫiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-iṫeaḋ an t-arán, nuair a ġaiḃ an Tiġearna buiḋeaċas;


Is mise an t-arán beó a ṫáinig anuas ó neaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ