Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 21:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Aċ tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin sar a raġaḋ ḃúr gcroiḋṫe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoġail seo, agus go dtiocfaḋ an lá úd go h-obann oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus taḃairigiḋ aire díḃ féin, ar eagla go mbéaḋ ḃur gcroiḋṫe luċtuiġṫe le craos agus meisce agus cúraim an tsaoġail seo, agus go dtigeaḋ an lá úd oraiḃ go tobann;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 21:34
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an t-é a ġlac an siól ins na sgeaċaiḃ, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar, agus go ndeineann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ saiḋḃris an briaṫar do ṁúċaḋ, agus bíonn sé gan toraḋ.


Aċ féaċaiḋ ċúġaiḃ féin. Óir taḃarfaid siad i láṫair na gcóṁairlí siḃ, agus sgiúrsálfar siḃ ins na sinagógaiḃ, agus seasóċaiḋ siḃ i láṫair ríġṫe agus uaċtarán mar ġeall orm-sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ-sin.


Agus tagann cúram an tsaoġail isteaċ, agus meallaḋ saiḋḃris, agus ainṁianta i dtaoḃ neiṫe eile, agus múċaid siad an briaṫar, agus curtar ó ṫoraḋ ṫaḃairt é.


Agus d’ḟreagair an Tiġearna agus duḃairt sé léi: A Ṁarta, a Ṁarta, tá mórán neiṫe a’d ċur ṫré ċéile agus ag cur buarṫa ort,


Agus bíḋiḋ-se ollaṁ, óir ni’l ḟios agaiḃ caṫain a ṫiocfaiḋ Mac an Duine.


Tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin. Má ḋeineann do ḋriṫáir beart ad’ ċoinniḃ, cas leis é; agus má ḃíonn caṫú air, maiṫ ḋó é.


Óir tiocfaiḋ sé ar nós gaiste ar na daoine go léir atá suiḋte as uaċtar an doṁain uile.


Agus duḃairt sé: Seaċnaiḋ agus ná mealltar siḃ; óir tiocfaiḋ a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i ḃfogus: aċ ná leanaiḋ iad.


An ċuid áṁṫaċ, a ṫuit ameasg na sgeaċ, siniad an ṁuintir a d’airiġ an focal, aċ ag dul dóiḃ i ndiaiḋ cúraim agus saiḋḃris agus pléisiúir an tsaoġail múċtar iad agus ní ṫugaid siad toraḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ