Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 21:25 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus ḃeiḋ cóṁarṫaí sa ġréin agus sa rae agus ins na réiltiḃ; agus brúṫ na ngeinte ins na tíorṫaiḃ, tré mearḃall foṫraim na mara agus na dtonn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus béiḋ cóṁarṫaí san ġréin, agus san ġealaiġ, agus ins na réalta, agus ar an talaṁ imniḋe na gciniḋeaċ mar ġeall ar ċíor-ṫuaṫail ṫormán na mara agus na dtonn,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus béiḋ cóṁarṫaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaiḃ; agus béiḋ anró ar talaṁ i measc na gcineaḋaċ, agus mearḃall orṫa ó ḟoṫram na fairrge agus na dtonn;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus béid coṁarṫuiġe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuiġ, agus ann sna réultannuiḃ: agus combrúġaḋ na gciniḋeaċ ar an dtalaṁ, tré úaṫḃás; ag buirfiġ don ḟairge agus do na tonnuiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 21:25
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus láiṫreaċ tar éis trioblóide na laeṫanta san doirċeófar an ġrian, agus ní taḃarfaiḋ an ġealaċ a solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid cóṁaċta na ḃflaṫas d’á suaṫaḋ;


Agus ó’n séṁaḋ h-uair ṫáinig doirċeaċt ar an ndoṁan go léir go dtí an naoṁaḋ h-uair.


Aċ ins na laeṫiḃ sin, tar éis na buarṫa san, dorċóċaiḋ an ġrian agus ní ṫaḃarfaiḋ an ġealaċ a solus,


Agus ansan ċífid siad Mac an Duine ag teaċt ins na sgamalaiḃ, le mórán cóṁaċt’ agus glóire.


Agus nuair a ṫáinig an séṁaḋ tráṫ do luiġ doirċeaċt ar an ndoṁan go léir go dtí an naoṁaḋ tráṫ.


Agus tuitfid siad le béal an ċlaiḋiṁ, agus béarfar i mbraiġdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beiḋ Ierusalem treasgarṫa fé ċosaiḃ na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréiṁseaċa na ngeinte.


Daoine d’á ḃfeóċaḋ le sgannraḋ, ag cuiṁneaṁ ar cad a ḃeiḋ le teaċt ar an ndoṁan go léir, mar beid cóṁaċta na ḃflaṫas d’á suaṫaḋ.


Agus taisbeánfad neiṫe iongantaċa sa spéir ṫuas agus ar an dtalaṁ ṫíos, fuil agus teine agus gal deataiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ