Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 21:16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus taḃarfaid ḃúr n-aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa suas d’ḃúr naṁaid siḃ, agus ḃúr ndrioṫáraċa, agus ḃúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaiḃ ċun ḃáis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus braiṫfiḋ aiṫreaċa agus máiṫreaċa agus bráiṫre agus gaolta agus cáirḋe siḃ, agus cuirfiḋ siad cuid agaiḃ ċun báis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Aċt braiṫfiḋ ḃúr n‐aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa féin, agus ḃúr ndearḃráiṫreaċa, agus ḃúr ngaolta, agus ḃúr gcáirde siḃ; agus cuirfiḋ siad cuid agaiḃ ċum báis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus braiṫfiḋṫear siḃ fós ó ḃar naiṫreaċaiḃ agus ó ḃar maiṫreaċaiḃ, agus ó ḃar ndearḃráiṫreaċaiḃ, agus ó ḃar ngáoltuiḃ, agus ó ḃar gcáirdiḃ; agus do ḃéaruid fá deara cuiḋ ḋiḃ do ċur ċum báis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 21:16
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus taḃarfaiḋ an driṫáir a ḋriṫáir le cur ċun báis, agus an t-aṫair a ṁac; agus eireóċaid an ċlann i gcoinniḃ a n-aṫar agus a máṫar agus básóċaid siad iad.


Óir déanfaiḋ an driṫáir feall báis ar a ḋriṫáir, agus an t-aṫair ar a ṁac; agus eireóċaiḋ an ċlann i n-aġaiḋ a n-aṫar agus a máṫar, agus imireóċaid siad bás orṫa.


Deiġilfar an t-aṫair i n-aġaiḋ an ṁic agus an mac i n-aġaiḋ a aṫar; an ṁáṫair i n-aġaiḋ na h-inġíne agus an inġean i n-aġaiḋ na máṫar; an ṁáṫair céile i n-aġaiḋ mná an ṁic agus bean an ṁic i n-aġaiḋ máṫar a céile.


Óir taḃarfad-sa ḋaoiḃ béal agus eagna ná féadfaid ḃúr naṁaid go léir cur ’n-a gcoinniḃ ’ná laḃairt ’n-a gcoinniḃ.


Agus beiḋ fuaṫ ag gaċ aoinne ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainim-se.


Agus do ṁairḃ sé Séamus, driṫáir Eóin, le claiḋeaṁ.


Ansan do leig sé é féin ar a ġlúiniḃ agus duḃairt sé, do ġuṫ árd: A Ṫiġearna ná cuir an peaca so i leiṫ na ndaoine seo! Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige do ṫuit a ċodla air sa Tiġearna. Agus ḃí Saul toilteanaċ ċun a ḃáis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ