Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 21:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Aċ roim ṫeaċt do sna neiṫiḃ sin go léir cuirfid siad a láṁa oraiḃ-se agus cráḋfaid siad siḃ, ag ḃúr mbreiṫ i láṫair na sinagóg, agus ins na prísúnaiḃ; ag ḃúr dtarang i láṫair ríġṫe agus i láṫair uaċtarán, mar ġeall ar m’ainim-se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Aċt rompa seo uilig béarfaiḋ siad oraiḃ, agus cuirfiḋ siad géirleanaṁaint oraiḃ, ḃur dtaḃairt suas do ṡineagóga agus príosúin, ḃur dtarraingt roiṁ ríġṫe agus uaċtaráin mar ġeall ar m’ainm-se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Aċt roiṁ ṫeaċt do na neiṫiḃ sin uile, do‐ġeobaid greim láiṁe oraiḃ, agus cráḋfaid siḃ, ’g‐ḃúr mbreiṫ i láṫair na sionagóg, agus ċum na bpríosún, ’g‐ḃúr dtarraing i láṫair ríoġ agus i láṫair uaċtarán ar son m’anma‐sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Aċd rompa so uile, cuirfid síad láṁa ionnuiḃsi, agus gérleanfaid siḃ, dá ḃar dtaḃairt do na coiṁṫionolaiḃ, agus do na príosúnuiḃ, da ḃur mbreiṫ ċum riġṫe agus ċum úaċdarán ar son manmasa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 21:12
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rug an ċuid eile acu ar a ṡeirḃísiġ, agus ṫugadar tarcuisne ḋóiḃ, agus ṁarḃuiġeadar iad.


Tosaċ na dtrioblóidí, áṁṫaċ, iad san go léir.


Agus beid luascaċa móra talṁan i n-a lán áiteana, agus pláiġeana, agus gorta, agus neiṫe sgannraṁla ó’n spéir, agus cóṁarṫaí móra.


Cuiṁniġiḋ ar an ḃfocal aduḃart liḃ: Ní’l an seirḃíseaċ níos mó ’ná a ṁaiġistir. Má ḋeineadar géarleanṁaint orm-sa déanfaid siad géarleanṁaint oraiḃ-se, leis; má ċoimeádadar mo ḃréiṫre-se, coimeádfaid siad ḃúr mbréiṫre-se, leis.


Aċ déanfaid siad na neiṫe sin go léir liḃ mar ġeall ar m’ ainim-se, toisg gan aiṫne ḃeiṫ acu ar an t-é a ċuir uaiḋ mé.


Ansan, lár n-a ṁáireaċ an lae sin, ba ṁian leis a ḋ’ḟáġail amaċ níos cruinne cad a ḃí ag na Iúdaíġ. ’á ċur ’n-a leiṫ, agus do sgaoil sé é, agus d’órduiġ sé na sagairt agus an ċóṁairle do teaċt i ḃfoċair a ċéile agus ṫuġ sé Pól amaċ agus ċuir sé os a gcóṁair é.


Ansan do ġlaoḋadar isteaċ na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus duḃradar leó gan laḃairt i n-aon ċor i n-ainim Íosa. Ansan do ċuireadar ċun siuḃail iad.


Aċ ḃí léirsgrios ag Saul ’á ḋéanaṁ ar an eaglais, é ag dul isteaċ ins na tiġṫiḃ agus fir agus mná aige ’á ṫarrac amaċ agus é ’ġá gcur i mbraiġdineas.


Agus ṫuit sé ċun tailiṁ agus d’airiġ sé an guṫ ġá ráḋ leis: A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige go ḃfuilir am ġéarleanṁaint?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ