Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus má deirimíd gur ḃ’ ó daoine é geoḃaid na daoine go léir do ċloċaiḃ ionainn, óir is deiṁin leó gur fáiḋ Eóin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Aċt má deirimíd: Ó ḋaoine, caiṫfiḋ na daoine uilig cloċa orainn; óir tá siad cinnte gur fáiḋ a ḃí i n-Eoin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Cad ċuige nár ċreideaḃar é? Aċt má déarfaimíd, Ó ḋaoiniḃ; gaḃfaiḋ na daoine go léir de ċloċaiḃ orainn: óir is dearḃ leo gurḃ ḟáiḋ Eoin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Aċd má deirmid, O ḋáoiniḃ; géuḃuiḋ an pobal uile do ċloċaiḃ orainn: oír is deiṁin léo gur fáiġ Eóin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:6
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ cad a ḃí uaiḃ le feisgint nuair a ṫánaḃair amaċ? Fáiḋ, an eaḋ? Aċ deirim-se liḃ gur duine é is mó ’ná fáiḋ.


Agus ba ṁian leis é ċur ċun báis, aċ ḃí eagla na ndaoine air, óir do ṫuigeadar gur ḃ’ḟáiḋ Eóin Baiste.


Má abraimíd gur ó neaṁ é, déarfaiḋ sé, Má ’seaḋ, cad ’n-a ṫaoḃ nár ċreideaḃair é? Aċ má abraimíd gur ó ḋaoiniḃ, is baoġal dúinn na daoine; mar fáiḋ ab eaḋ Eóin acu.


Agus ba ṁian leó é ġaḃáil, aċ ḃí eagla acu roimis na daoine, mar fáiḋ ab eaḋ é acu.


Duḃradar, áṁṫaċ, Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go mbeaḋ toirmeasg sa ṗobul.


Agus ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ ḃí eagla acu roimis an bpobul; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin a ḃí sé sa tsoluíd sin. Agus d’ḟágadar é agus d’imṫíġeadar.


Agus tusa, a leinḃ, taḃarfar ort fáiḋ an Árd-Ḋia, óir gluaiseóċair roimis an dTiġearna amaċ ag ollaṁú na sliġe ḋó,


Agus ḃíodar ag maċtnaṁ ’n-a n-aigne, agus duḃradar leó féin: Má deirimíd gur ḃ’ ó neaṁ é déarfaiḋ sé: Cad ’n-a ṫaoḃ nár ċreideaḃair é, má seaḋ?


Agus d’ḟreagradar ná raiḃ ḟios acu cár ḃ’ as é.


Aċ na Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe, ṫugadar easúṁluiġeaċt do ċóṁairle Dé ’n-a gcoinniḃ féin, óir níor ġlacadar a ḃaisteaḋ-sin.


Agus ṫáinig a lán daoine ag triall air, agus deiridís: Níor ḋein Eóin aon níḋ mírḃúilteaċ;


Ansan d’imṫiġ an t-oificeaċ agus na fir a ḃí aige agus ṫug sé leis iad gan éigean, óir ḃí eagla na ndaoine orṫa, go ngeoḃṫí do ċloċaiḃ ionta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ