Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:26 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus níor ḟéadadar loċt ḟáġail ar a ċaint i láṫair na ndaoine; agus le h-iongna, mar ġeall ar an ḃfreagra, d’éisteadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus ní ṫáinic leo loċt d’ḟaġáil ar a ḃriaṫar ós cóṁair na ndaoine, agus, ag déanaṁ iongantais dá ḟreagair, d’ḟan siad ina dtost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus níor ḟéadadar aon ṁí‐ċiall do ḃaint as an gcainnt i láṫair na ndaoine; agus do ċuir an freagra iongnaḋ mór orṫa, agus d’ḟanadar ’n‐a dtost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus níor ḟéadadar greamuġaḋ air a ḃriaṫra a ḃfíaḋnuisi an ṗobuil: agus ag déanaṁ iongantais ann a ḟreagarṫuiḃsion, do ṫoċdadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:26
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt sé leis: A ċara, conus a ṫánaís-se anso isteaċ gan culaiṫ na bainise umat? Aċ níor laḃair seisean focal.


Nuair airiġeadar an méid sin ṫáinig iongnaḋ orṫa, agus d’ḟágadar ansan é, agus d’imṫiġeadar.


Nuair airiġ na Fairisíniġ nár ḟág sé focal le ráḋ ag na Sadducíniġ, ṫánadar i ḃfoċair a ċéile;


Agus nuair airiġ Íosa san do ḋein sé iongna ḋé; agus dúḃairt se leis an muíntir a ḃí ’ġá leanṁaint: Go deiṁin adeirim liḃ, ní ḃfuaras a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél.


Ag déanaṁ fill air, a d’iarraiḋ go dtógfaidís suas focal éigin uaiḋ agus go gcuirfidís ’n-a leiṫ é.


Agus nuair a duḃairt sé an ċaint sin do las a naṁaid go léir le náire, agus do ġaiḃ gáirdeaċas an pobul mar ġeall ar na neiṫe go léir a ḋeineaḋ sé ċóṁ glórṁar.


Agus ḃíodar ag faire, agus ċuireadar ċuige luċt fill do leigfeaḋ orṫa gur ḋaoine macánta iad, ċun buntáiste ḃreiṫ air ’n-a ċaint, i dtreó go ndéanfaidís é ṫaḃairt suas do ċóṁaċt agus d’úġdarás an ġoiḃearnóra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ