Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Tiocfaiḋ sé agus déanfaiḋ sé íde ar an luċt saoṫruiġṫe sin, agus taḃarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoiniḃ eile. Agus nuair airiġeadar-san an focal duḃradar: Nár leigiḋ Dia san!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Tiocḟaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na feirmeoirí sin, agus ḃéarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoine eile. Agus ar a ċluinstin sin dóiḃ, duḃairt siad: Nár leigiḋ Dia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Tiocfaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na scológa sin, agus do‐ḃéarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoiniḃ eile. Agus nuair do ċualadar‐san é, aduḃradar, Nár leigiḋ Dia sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Tiocfuiḋ sé agus sgriosfuiḋ sé na sgológa úd, agus do ḃéura sé an ḟíneaṁuin do ḋáoiniḃ eile. Agus an tan do ċúaladarsan so, a duḃradar, Nár liege Día sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:16
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a ḃí aimsir na dtorṫaí ag teaċt, ċuir sé a ṡeirḃísiġ ag triall ar an luċt saoṫruiġṫe go nglacfaidís an toraḋ ḋó.


Deirid siad leis: Taḃarfaiḋ sé droċ-íde ar na cuirpṫeaċaiḃ sin, agus cuirfiḋ sé a ḟíonġort ċun luċt saoṫruiġṫe eile, a ṫaḃarfaiḋ toraḋ ḋó i n-aimsir na dtorṫaí.


Nuair airiġ an rí an níḋ sin ṫáinig fearg air, agus ċuir sé a ṡluaiġte armṫa uaiḋ, agus d’ídiġ sé na marḃṫóirí sin, agus do loisg sé a gcaṫair.


Cad a ḋéanfaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt sin? Tiocfaiḋ sé agus déanfaiḋ sé díḃeirg ar an luċt saoṫruiġṫe sin agus taḃarfaiḋ sé an fíonġort d’á malairt.


Aċ na h-eascáirde seo nár ḃ’áil leó mise ḃeiṫ am’ rí orṫa, tugtar anso iad agus curtar ċun báis os mo ċóṁair iad.


Agus ċaiṫeadar amaċ as an ḃfíonġort é, agus ṁarḃuiġeadar é. Cad a déanfaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt leó san?


Ansan duḃairt Pól agus Barnabas, go dána: is liḃse nár ḃfoláir dúinn briaṫar Dé do laḃairt an dtúis; aċ ó ḋiúltuiġeann siḃ dó, agus nác fiú siḃ, do réir ḃúr mbreiṫe féin, beaṫa ṡioruiḋe ḋ’ḟáġail, táimídne, féac, ag iompáil ċun na ngeinte.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ