Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ṫárla, lá de sna láeṫantaiḃ sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craoḃsgaoileaḋ na tsoisgéil, go dtáinig uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫárla, aon lá acu suíd, nuair a ḃí sé ag teagasc an ṗobail agus ag seanmóir an tsoiscéil san teampall, gur ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe mar aon leis na seanóirí le ċéile,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla, lá aṁáin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, go dtáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe i n‐éinḟeaċt leis na seanóiriḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla, áon do na láeṫiḃ sin, an tan do ṫeagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do ṡeanmoir sé an soisgéul, go dtangadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe maille ris na sinnsearuiḃ ċuige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:1
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm.


Agus go nduḃradar leis: Innis dúinn cad é an t-úġdarás atá agat ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ? agus cé ṫug duit an t-úġdarás san?


Agus do ṫárla, ’n-a ḋiaiḋ san, é féin a ḃeiṫ ag gaḃail tré ċaṫaraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ, ag seanmóin agus ag craoḃsgaoileaḋ ríġeaċta Dé agus an dáréag i n-aonḟeaċt leis.


D’ḟreagair Íosa é: Do laḃras go h-osgailte leis an ndoṁan; ḋeineas teagasg i gcóṁnuiġe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníġid na Iúdaiġ go léir; agus níor laḃras aon níḋ fé ċeilt.


Agus an ḟaid a ḃíodar ag cainnt leis na daoine ṫáinig na sagairt agus oificeaċ an teampuil agus na Sadduicíniġ,


Do ġníosadar ar an gcuma san an poḃul agus na seanóirí agus na sgríḃneóirí agus do riṫeadar i gceann a ċéile agus do rugadar air agus do ṫugadar i láṫair na cóṁairle é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ