Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:51 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus d’ḟill sé anuas leó agus ṫáinig sé go Nasaret, agus ḃí sé úṁal dóiḃ. Agus do ċoimeád a ṁáṫair na focail sin go léir ’n-a croiḋe féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

51 Agus ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinic sé go Nasair, agus ḃí sé uṁal dóiḃ. Agus ċongḃuiġ a ṁáṫair na focail sin uilig ina croiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus do ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinig sé go Nasair; agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ċoiṁéad a ṁáṫair na briaṫra so uile ’n‐a croiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

51 Agus do ċuáiḋ sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ṫaisgiḋ a ṁáṫair na briaṫra so uile an a croiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:51
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An ḟaiḋ a ḃí sé ag caint leis an bpobul, ṫáinig a ṁáṫair agus a ḃráiṫre amuiġ agus iad a d’iarraiḋ laḃairt leis.


Agus d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gaċ fíoraontaċt do ċóṁlíonaḋ. Ansan do ġéill sé ḋó.


Agus do ṫárla, ins na laeṫiḃ sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ġaililí agus gur ḃaist Eóin é sa n-Iórdan.


Náċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, bráṫair Ṡéamuis, agus Ióseiṗ, agus Iúdáis, agus Ṡímóin? An aṁlaiḋ ná fuil a ḋriféaraċa anso i n-ár measg? Agus do ġlacadar sgannal uime.


Agus duḃradar leis gur ḃ’é Íosa Nasareit a ḃí ag gaḃáil an treó.


Agus do ċoimeád Muire na laḃarṫa san go léir, ġá mbreiṫniú ’n-a croiḋe.


Agus nuair a ḃí gaċ níḋ cóṁliónta acu do réir dlíġe an Tiġearna, d’ḟilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.


Agus ṫáinig sé go Nasaret mar ar h-oileaḋ é, agus ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabbóide, isteaċ sa tsinagóig, agus d’eiriġ sé ’n-a ṡeasaṁ ċun léiġṫeóireaċta ḋéanaṁ.


Agus duḃairt sé leó: Gan aṁras déarfiḋ siḃ liom, mar adeir an seanḟocal, A liaiġ, leiġis ṫu féin. Na neiṫe móra a ḋ’airiġeamair a ḋeinis i gCaṗarnaum, dein anso ad’ ḋúṫaiġ féin iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ