Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:48 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Agus ḃí iongna orṫa-san nuair a ċonacadar é. Agus duḃairt a ṁáṫair leis: A ṁic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féaċ, ḃí t’aṫair agus mise go buarṫa ar do lorg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Agus nuair a ċonnaic siad-san é, ḃí iongantas orṫa. Agus duḃairt a ṁáṫair leis: A ṁic, cad ċuige a ndearna tú seo orainn? Féaċ, ḃí mise agus do aṫair fá ḃrón do ċuartuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Agus nuair do ċonnacadar é do ḃí iongnaḋ orṫa; agus aduḃairt a ṁáṫair leis, A ṁic, cad ċuige ḋuit é seo do ḋéanaṁ orainn? féaċ, do ḃí t’aṫair agus mise ar do lorg agus buaiḋirt an‐ṁór orainn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Agus ar na ḟaicsin dóiḃ, do ġaḃ úaṫḃás iad: agus a duḃairt a ṁáṫair ris, A ṁic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuċ, do ḃí misi agus daṫair lán do ḋoḃron dod lordaireaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:48
5 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An ḟaiḋ a ḃí sé ag caint leis an bpobul, ṫáinig a ṁáṫair agus a ḃráiṫre amuiġ agus iad a d’iarraiḋ laḃairt leis.


Agus duḃairt sé leó: Cad ċuige go raḃaḃair ar mo lorg? Ná raiḃ ’ḟios agaiḃ náċ foláir mé ḃeiṫ ins na neiṫiḃ a ḃaineann le m’Aṫair?


Agus ḃí Íosa féin ag dul ’n-a ḋeiċṁaḋ bliain fiċid nó mar sin, ’n-a ṁac, dar le daoine, ag Ióseṗ, mac Hélí, mic Maṫat,


Agus ṫugadar go léir fiaḋnuise ḋó; agus dob’ iongna leó an grásta a ḃí sa ċaint a ḃí ag teaċt as a ḃéal, agus deiridís: Náċ é mac Ióseiṗ é seo?


Agus do fuair Pilib Natanaél agus duḃairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríḃ Maois sa dlíġ, agus na fáiḋe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseṗ ó Nasaret.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ