Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:46 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Agus do ṫárla, tar éis trí lá go ḃfuaradar é sa teampul ’n-a ṡuiḋe ameasg na n-ollaṁ, ag éisteaċt leó agus ’ġá gceisdiú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

46 Agus ṫárla, i gcionn na dtrí lá, go ḃfuair siad san teampall é ina ṡuiḋe imeasc na ndoctúirí ag éisteaċt leo agus ġá gceistiuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Agus ṫarla, tar éis trí lá, go ḃfuaradar é sa teampall ’n‐a ṡuiḋe i measc na n‐ollaṁ, ag éisteaċt leo agus ag cur ceisteann orṫa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

46 Agus tárla, trí lá dá éis sin, go ḃfúaradar é ann sa teampoll, na ṡuiḋe a measg na ndoctúireaḋ, ag éisdeaċd ríú, agus ag cur ċeasd orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:46
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir, fé mar a ḃí Iónas trí lá agus trí oiḋċe i mbolg an ṁíolṁóir, beiḋ Mac an Duine trí lá agus trí oiḋċe i gcroiḋe na talṁan.


Ansan do ṫosnuiġ Íosa ar a ṫaisbeáint d’á ḋeisgiobuil nár ḃfoláir é féin a ḋul go Ierúsalem agus mórán d’ḟulang ós na sínsearaiḃ agus ós na Sgníḃ-neóiríḃ agus ó uaċtaránaiḃ na sagart, agus a ċur ċun báis, agus a aiseiriġe an tríṁaḋ lá.


Agus ḃí iongna ar a raiḃ ag éisteaċt leis, mar ġeall ar a ġuntaċt agus ar na freagraí a ṫugaḋ sé.


Agus do ṫárla, lá, go raiḃ sé ’n-a ṡuiḋe ag teagasg. Agus ḃí na Fairisíniġ ’n-a suiḋe ann, agus doċtúirí na dliġe, a ḃí tagaiṫe ó gaċ baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus ḃí cóṁaċt ó’n dTiġearna ag dul ċun a slánuiġṫe.


Duḃairt Íosa leis ’ġá ḟreagraḋ: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neiṫe sin?


Aċ d’eiriġ, sa ċóṁairle, duine de sna Fairisíniġ dár ḃ’ainim Gamaliél, doċtúir dlíġe a ḃí creideaṁnaċ ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduiġ sé na fir do ċur amaċ ṫar dorus an fead tamail ḃig,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ