Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:4 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus ċuaiḋ Ióseṗ ó Ġaililí, ó ċaṫair Nasareit, suas go Iúdaéa, go caṫair Ḋáiḃid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Dáiḃid é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ċuaiḋ Ióseṗ fosta suas as an Ġailile, ó ċaṫair na Nasaire, go h-Iudaia, go caṫair Ḋáiḃiḋ, ar a dtugtar Beiṫil, siocair gurḃ de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Ḋáiḃiḋ é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do ċuaiḋ Seosaṁ, leis, ó’n nGalilé, ó ċaṫair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go ċaṫair Ḋáiḃi, ar a dtugtar Beiṫil, de ḃriġ gur de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Ḋáiḃi é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ċúaiḋ Ióseṗ mar an gcéudna súas ón Ġalilé, as an gcaṫraiġ Nasarét, go tír Iúdaiġe, go caṫruiġ Ḋaiḃi, dá ngoirṫear Bétleem; do ḃríġ go raiḃ sé do ṫiġ agus do ṡlioċd Ḋáiḃí:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:4
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ ag maċtnaṁ dó ar an méid sin, féaċ, do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin dó i n-aisling, agus duḃairt sé leis. A Ióseṗ, a ṁic Ḋáiḃid, ná bíoḋ aon eagla ort do ḃan-ċéile, Muire, do ġlacaḋ ċúġat, mar is ó’n Spioraid Naoṁ an ġein atá ar iompar aici.


Agus ṫáinig sé ċun cóṁnuiġṫe sa ḃaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ aduḃairt na fáiḋe: Óir taḃarfar Nasarénaċ air.


Agus do ġluais na daoine go léir ċun go ndéanfaí iad d’áireaṁ, gaċ aoinne ’n-a ċaṫair féin.


Ċun go ndéanfaí é ḋ’áireaṁ i n-aonḟeaċt le Muire, a ḃan-ċéile a ḃí ag iompar clainne.


Agus ṫáinig sé go Nasaret mar ar h-oileaḋ é, agus ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabbóide, isteaċ sa tsinagóig, agus d’eiriġ sé ’n-a ṡeasaṁ ċun léiġṫeóireaċta ḋéanaṁ.


Agus duḃairt Natanaél: An féidir aon níḋ fóġanta ṫeaċt ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic.


Ná deir an Sgríḃinn gur de ṡíol Dáiḃid, agus ó ḃaile Ḃetleheim, mar a raiḃ Dáiḃid, atá Críost ag teaċt?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ