Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:38 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus ṫáinig sí sin do láṫair an uair ċéadna, agus d’adṁuiġ sí an Tiġearna agus do laḃair sí ’n-a ṫaoḃ le gaċ duine a ḃí ag súil le fuasgailt Israéil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus ag teaċṫ i laṫair díṫe-se an uair ċéadna, d’adṁuiġ sí an Tiġearna, agus laḃair sí air le gaċ duine dá raiḃ ag dréim le fuasclaḋ Israéil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus ag teaċt di‐se, an uair ċéadna sin, ṫug sí buiḋeaċas do Ḋia, agus do laḃair sí ’n‐a ṫaoḃ le gaċ duine do ḃí ag tnúṫ le fuascailt Iarúsalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus táinic so do láṫair ar an úair gcéudna agus dadṁuiġ sí na ṫimċeall ré gaċ áon agá raiḃ súil ré fúasglaḋ an Iarusaléim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:38
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫáinig Ióseṗ ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a ḃí ag súil le ríġeaċt Dé ċóṁ maiṫ le cáċ, agus ċuaiḋ sé isteaċ go dána i láṫair Ṗíláit, agus d’iarr se corp Íosa air.


Molaḋ leis an dTiġearna, Dia Israéil, óir d’ḟéaċ sé ċun a ḋaoine agus ḋein sé a slánú;


Agus féaċ, ḃí i n-Ierúsalem duine dár ḃ’ainim Simeón, agus ḃí an duine sin fíoraonta, diaḋa, ag súil le sólás Israéil, agus ḃí an Spioraid Naoṁ ann.


Agus ban-ḟáiḋ dob’ eaḋ Anna inġean Ṗanuéil, de ṫreiḃ Aser, agus ḃí sí tar éis mórán laeṫanta ċur di, agus ḃí sí tar éis seaċt mbliana ó n-a h-óige do ċaiṫeaṁ agá fear.


Níor ṫoiliġ sé leis an gcóṁairle ’ná le n-a ngníoṁarṫa; ó Arimatéa b’eaḋ é, caṫair i n-Iúdaéa; agus ḃí sé ag súil le ríġeaċt Dé:


Aċ ḃí súil againne go raiḃ sé ċun Israéil a d’ḟuasgailt, agus n-a ṫeannta san a’s uile sidé an tríṁaḋ lá ó ṫuit na neiṫe sin amaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ