Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:10 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus duḃairt an t-aingeal leó: Ná bíoḋ eagla oraiḃ, mar féaċ, tugaim sgéala ḋaoiḃ ar lúṫġáir ṁór atá le teaċt ċun na ndaoine go léir;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Agus duḃairt an t-aingeal leo: Ná bíoḋ eagla oraiḃ; óir féaċ, ḃeirim scéala maiṫ díḃ fá lúṫġáir ṁóir atá le ṫeaċt ċuig na daoine go léir;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus aduḃairt an t‐aingeal leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ; óir, féaċ, do‐ḃeirim daoiḃ deaġ‐scéala ar áṫas mór ḃéas i gcóṁair na ndaoine uile:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus a duḃairt an taingeal riú, Na bíoḋ eagla oruiḃ: óir, feuċ, a táim ag soisgéuluġaḋ ḋíḃ gáirdeaċus mór, noċ ḃías do gaċ uile ṗobal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:10
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do laḃair Íosa leó láiṫreaċ: Glacaiḋ misneaċ, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíoḋ eagla oraiḃ.


Agus ṫáinig Íosa agus do laḃair sé leó, agus duḃairt: Do tugaḋ dóṁ-sa gaċ cóṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé leis na mnáiḃ: Ná bíoḋ aon eagla oraiḃ-se; mar tá ḟios agam gur ḃ’é Íosa, do céasaḋ, atá uaiḃ.


Agus duḃairt sé: Tá an aimsir caiṫte, agus tá ríġeaċt Dé buailte liḃ. Deiniḋ aiṫriġe agus creidiḋ an soisgéal.


Agus duḃairt sé leó: Gluaisiḋ tríd an ndoṁan go léir agus deiniḋ an soisgéal do ċraoḃsgaoileaḋ do’n uile ċréatúir.


Agus duḃairt an t-aingeal leis: Ná bíoḋ eagal ort, a Ṡacariais, óir tá éistiṫe le t’ ġuiḋe, agus béarfaiḋ do ḃean, Elisabet, mac duit, agus taḃarfair Eóin mar ainim air;


Agus d’ḟreagair an t-aingeal é, agus duḃairt: Is mise Gabriél atá am’ ṡeasaṁ i láṫair Dé, agus do cuireaḋ mé ċun laḃarṫa leat-sa agus na neiṫe seo do ċraoḃsgaoileaḋ ḋuit.


Agus duḃairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Ṁuire, óir tá grásta fáġalta agat i láṫair Dé.


mar go ḃfuil Slánuiġṫeóir beirṫe ḋaoiḃ indiu, ’sé sin Críost an Tiġearna, i gcaṫair Dáiḃid.


Agus go ḃfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aiṫriġe agus maiṫeaṁnaċas peacaí.


Agus do ṫárla, ’n-a ḋiaiḋ san, é féin a ḃeiṫ ag gaḃail tré ċaṫaraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ, ag seanmóin agus ag craoḃsgaoileaḋ ríġeaċta Dé agus an dáréag i n-aonḟeaċt leis.


Agus táimíd ’á ċur i n-iúil daoiḃse cad í an ġeallaṁaint a tugaḋ d’ár n-aiṫreaċaiḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ