Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 19:8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ṡeasuiġ Saċeus agus duḃairt leis an Tiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, ḃeirim leaṫ mo ċoda do na boċta, agus má rinne mé ċagcóir ar aoinneaċ i n-aon níḋ, ḃeirim a ċeiṫre oiread dó ṫar ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus d’éiriġ Sacċéus ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leis an Tiġearna, Féaċ, A Ṫiġearna, do‐ḃeirim a leaṫ dem’ ṁaoin do na boċtaiḃ; agus má ḃaineas éinniḋ san éagcóir d’aon duine, do‐ḃeirim a ċeiṫre oiread ar ais dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus ag seasaṁ do Ṡaċéus, a duḃairt sé ris an Tiġearna; Féuċ, a Ṫiġearna, do ḃeirim leaṫ mo ṁáoine do na boċdaiḃ; agus má mbeall mé duine air biṫ a néinní, do ḃeirim ḋó a ċeiṫre oirid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 19:8
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ ċeana, d’á ḃfuil agaiḃ tugaiḋ déirc uaiḃ, agus féaċ, tá gaċ níḋ glan daoiḃ.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ agus tugaiḋ déirc uaiḃ; deiniḋ daoiḃ féin sparáin ná críonfaiḋ, stór ins na flaṫais ná caillfiḋ oraiḃ; ná guidfiḋ biṫeaṁnaċ uaiḃ; ná millfiḋ leóṁan oraiḃ.


Agus deirim-se liḃ-se: Deiniḋ daoine muintearṫa ḋaoiḃ féin leis an saiḋḃreas claon so, i dtreó, nuair a ḃeiḋ siḃ claoiḋte, go nglacfaidís siḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ síoruiḋe.


Agus nuair a ċonaic na daoine go léir an níḋ sin ḃíodar ag ceisneaṁ, agus deiridís gur ag triall ar ḋuine ṗeacaṁail a ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt.


Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol.


Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ